0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Bonn Profa Airgid €10 (Eileen Gray) 2016

Bonn Profa Airgid €10 (Eileen Gray) 2016
Méadaigh
  • An chéad bhonn de chlár bonn airgid Europa Star lena gcomórtar ‘Aoiseanna na hEorpa’.
  • An chéad bhonn inbhailithe de chuid Bhanc Ceannais na hÉireann a dhéanann comóradh ar a bhfuil bainte amach ag bean Éireannach.
  • Tá an bonn profa seo i mbosca taispeántais agus tá deimhniú barántúlachta ag gabháil leis.
  • Tá an eisiúint teoranta do 6,000 bonn
Mionchuntas agus mionsonraíochtaí
Roghnaigh méid agus bliain ar dtús chun leanúint ar aghaidh.
€ 60.00
Logáil isteach
Cuntas

Is é bonn profa airgid €10 2016 an chéad bhonn i gclár bonn airgid nua Europa Star a mhairfidh tréimhse cúig bliana agus a dhéanfaidh comóradh ar ‘Aoiseanna na hEorpa’.  Téama na bliana 2016 is ea ‘An Eoraip Nua-Aoiseach sa 20ú hAois’ atá spreagtha ag dearaí ailtireachta mar atá léirithe ar an nóta bainc €500. Is é an bonn seo an chéad bhonn inbhailithe de chuid Bhanc Ceannais na hÉireann a dhéanann comóradh ar na héachtaí atá bainte amach ag bean Éireannach.

Rugadh Eileen Gray in Inis Córthaidh in 1878 ach chaith sí mórchuid a saoil sa Fhrainc. Ba mhórphearsa i ngluaiseacht an nua-dearaidh í agus bhain sí clú amach ar dtús as a cuid oibre le laicir. I measc na mórshaothar níos deireanaí dá cuid, tá an teach mór nua-aimseartha ‘E-1027’, an ‘tábla E-1027’ a théann leis, agus a cathaoir uilleach ‘Fauteuil aux dragons’ a díoladh ar ceant in 2009 ar €22m. Moladh dearaí Gray go minic as a bhfeidhmiúlacht chomh maith lena bhfoirm aeistéitiúil. Bhí Gray fós ina beatha nuair a cuireadh spéis athuair ina cuid saothar sna 1970idí agus is íocón den nua-dearadh é a Scáthlán Brící clúiteach.

Ba í Sanra Deiana a dhear an bonn profa airgid seo. Deir Sandra gur “bhuail splanc inspioráide láithreach í chun bonn a dhearadh in ómós do bhanealaíontóir a bhí ag obair i dtréimhse ina raibh sé deacair rath a bhaint amach sa saol oibre, go háirithe sna healaíona [...]  Theastaigh uaim béim a leagan ar an obair mhór a rinne Gray ar son “Stíl Idirnáisiúnta” na hEorpa san fhichiú haois [...] I measc a saothar iomadúil, sílim gur léiriú é “Scáthlán” ar a gairmréim iomlán ealaíne agus, dá bhrí sin, is léiriú den scoth é ar a cumas ealaíne’.

Beidh an bonn profa seo i mbosca taispeántais agus beidh deimhniú barántúlachta ag gabháil leis freisin. Tá an bonn 38.61mm ar trastomhas agus is é 28.28g a mheáchan. Rinneadh an bonn a bhualadh chuig caighdeán profa in airgead steirling .925 agus tá teorainn dhocht 6,000 bonn ag gabháil leis.

Sonraíochtaí
Uimhir an earra IE2371
Featured Product No
Cáilíocht Proof
Bliain 2016
Miotal Sterling Silver
Coin Weight 28.28
Denomination 10
Diameter 38.61
Fineness 0.925
Teorainn Eisiúna 6000
Designer Reverse Sandra Deiana