Bonn Profa Airgid €15 2024 - 100 Bliain ó bunaíodh Óglaigh na hÉireann
- Tá bonn profa airgid steirling 2024 le fáil i mbosca taispeántais agus tá deimhniú barántúlachta ag gabháil leis
- Tá líon teoranta den bhonn comórtha seo á eisiúint chun comóradh a dhéanamh ar chothrom 100 bliain ó bunaíodh Óglaigh na hÉireann
- Teorainn eisiúna 2,000
- Teorainn aon bhoinn amháin ar gach ordú
Is é an 1 Deireadh Fómhair 2024, cothrom 100 bliain ó bunaíodh Fórsaí Cosanta na hÉireann (Óglaigh na hÉireann)go foirmiúil. Ba go luath in 1922, tar éis na scoilte san IRA mar gheall ar an gConradh Angla-Éireannach, a bunaíodh Óglaigh na hÉireann, ar féidir iad a rianú siar go dtí Óglaigh na hÉireann a bunaíodh in 1913. Ar dtús, bhíodar ag feidhmiú laistigh de chreat scaoilte dlíthiúil de bharr phráinn an Chogaidh Chathartha, ach rinne Saorstát Éireann, de bhun an Achta Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), stádas foirmiúil dlíthiúil a bhronnadh ar Óglaigh na hÉireann mar arm Shaorstát Éireann arna bhunú agus arna gcothabháil go daonlathach. Ba é an tAire Cosanta, an Ginearál Risteárd Ó Maolchatha, a thug isteach é, agus achtaíodh é i mí Lúnasa 1923. Mar a foráladh faoi Alt 22 den Acht sin, sainíodh Óglaigh na hÉireann go hoifigiúil mar na Fórsaí Cosanta ar an 1 Deireadh Fómhair 1924. Bhí sé seo ar cheann de na hócáidí ba thabhachtaí i mbunú stát daonlathach lánfheidhmiúil. Céad bliain ina dhiaidh sin, leanann na Fórsaí Cosanta, atá déanta suas den Arm, den tSeirbhís Chabhlaigh agus den Aerchór, de bheith ag fónamh go calma ar son na hÉireann sa chríoch baile agus thar lear.
Uimhir an earra | IE2415 |
---|---|
Cáilíocht | Proof |
Miotal | Sterling Silver |
Coin Weight | 28.28 |
Denomination | 15 |
Diameter | 38.61 |
Teorainn Eisiúna | 2000 |