0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Bonn Profa Airgid €15 (Cú) 2012

Bonn Profa Airgid €15 (Cú) 2012
Méadaigh
  • Ómós do Dhearadh Clasaiceach Percy Metcalfe do Bhoinn na hÉireann
  • Bhí an Cú le feiceáil ar an mbonn sé phingine ar dtús agus tá sé ar ais arís ar Bhoinn na hÉireann 
  • Eisiúint teoranta do 8,000 píosa
Mionchuntas agus mionsonraíochtaí
Roghnaigh méid agus bliain ar dtús chun leanúint ar aghaidh.
€ 46.00
Logáil isteach
Cuntas

Rinneadh boinn tosaigh Shaorstát Éirinn a chur i gcúrsaíocht i 1928. Roghnaíodh na dearaí, le Percy Metcalfe, mar gheall ar a léiriú ar chúrsaí talmhaíochta a bhí riachtanach do gheilleagar na hÉireann ag an am. Léiríodh cuid mhór de na dearaí seo ar bhoinn na hÉireann go dtí gur glacadh leis an euro in 2002. In ómós do na dearaí galánta seo, tá trí bhonn nua phrofa airgid €15 á n-eisiúint ag Banc Ceannais na hÉireann. I ndiaidh na mbonn a bhain leis an gcapall agus leis an mbradán a raibh an-tóir orthu, tugtar urraim i mblian don chú faoil leis an tríú bonn sa tsraith, arb é an bonn deireanach freisin é. Is léiriú nua-aimseartha é leis an dearthóir Emmet Mullins den dearadh bunaidh a léiríodh ar dtús ar an mbonn sé pingne.  Beidh an-tóir ag bailitheoirí bonn agus ag daoine ar fud an domhain a dtaitníonn ainmhithe leo ar an mbonn galánta seo atá buailte chuig caighdeán profa in airgead steirling .925. Beidh eisiúint theoranta de 8,000 bonn ag gabháil leis na boinn chomórtha seo. 

Bundearaí Bonn le Percy Metcalfe In 1928, tugadh boinn nua Éireannacha isteach. Ar na hocht ainmníocht nua, bhí sraith álainn dearaí ainmhithe inar léiríodh geilleagar talmhaíochta na hÉireann. Ainmhithe feirme na hÉireann don chuid is mó a taispeánadh ar na boinn agus ba é Percy Metcalfe a dhear. Tá an-mheas ag bailitheoirí bonn ar na dearaí galánta ainmhithe seo ó shin i leith. Nuair a tugadh isteach an t-airgeadra deachúlach in 1969, níor coinníodh an dearadh den chú faoil a úsáideadh ar dtús ar an mbonn sé pingine. Anois filleann an cú faoil ar na boinn Éireannacha arís agus tá sé le feiceáil don chéad uair ar bhonn euro de chuid na hÉireann.

Sonraíochtaí
Uimhir an earra IE2100
Featured Product No
Cáilíocht Proof
Bliain 2012
Miotal Sterling Silver
Coin Weight 28.28
Denomination 15
Fineness 0.925
Teorainn Eisiúna 8000