Bonn Profa Airgid €15 do 2024- Naomh Bríd
- Cuirtear bonn profa airgid steirling 2024 ar fáil i mbosca taispeána lena ngabhann deimhniú barántúlachta
- Eisítear an bonn cuimhneacháin seo, a bhfuil líon teoranta díobh ar fáil, chun 1500 bliain ó bhás Naomh Bríd a chomóradh.
- 2,000 bonn an líon teoranta a eiseofar.
I gContae Lú a rugadh í de réir scéal amháin béaloidis ach tá baint mhór aici le Cill Dara. Deirtear gur thaoiseach é a hathair agus gur dhaor í a máthair. Bhí rún aici faoin am a bhí sí sna déaga dul sna mná rialta agus a creideamh a úsáid chun leasa daoine eile. Bhunaigh Bríd mainistir um AD 480 a bhí ar an gcéad mhainistir in Éirinn
ina raibh idir fhir agus mhná. Tógadh an mhainistir in aice le crann mór
darach agus tugadh Cill Dara ar an áit dá réir sin. Samhlaítear duilleog
na darach agus cros Naomh Bríd le Contae Chill Dara ó shin.
Is iomaí scéal agus miotas a bhaineann le Naomh Bríd ach luaitear a
buanna iontu go léir: a mheáite a bhí sí ar chuidiú leis na bochtáin,
a dícheall a dhéanamh ar son na síochána agus domhain ní ba chóra
agus cur i gcoinne an dearcaidh thraidisiúnta ar ról na mban sa tsochaí.
Spreag a saol go leor manach reiligiúnach agus scoláirí reiligiúnacha Éire
a fhágáil sna Meán-Aoiseanna agus luachan na Naomh Bríd a chothú ar
fud na Breataine agus na hEorpa, rud a d’fhág gur mhó a cáil náNaomh
Pádraig uaireanta.
Tá Naomh Bríd agus a teachtaireacht ag dul i gcion orainn fós 1500 bliain níos déanaí.
Uimhir an earra | IE2414 |
---|---|
Cáilíocht | Proof |
Miotal | Sterling Silver |
Coin Weight | 28.28 |
Denomination | 15 |
Diameter | 38.61 |
Teorainn Eisiúna | 2000 |