0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Bonn Profa Airgid €15 (Dr Kathleen Lynn) 2022

Bonn Profa Airgid €15 (Dr Kathleen Lynn) 2022
Méadaigh
  • Bonn Profa Airgid €15 - Dr Kathleen Lynn
  • In ómós don Dr Lynn as a cuid gaiscí sa pholaitíocht, sa leigheas agus sa tsochaí
  • Tá an bonn profa airgid steirling i mbosca taispeántais agus tá deimhniú barántúlachta ag gabháil leis
  • Tá an eisiúint teoranta do 2,000 bonn
Mionchuntas agus mionsonraíochtaí
Roghnaigh méid agus bliain ar dtús chun leanúint ar aghaidh.
€ 64.99
Logáil isteach
Cuntas

Tugtar ómós don Dr Kathleen Lynn le heisiúint theoranta den bhonn comórtha seo. Chuir an obair cheannródaíoch a rinne sí ar son leanaí agus na mbochtán, mar aon lena hobair pholaitiúil, le scéal a beatha mar réabhlóidí den scoth.

Rugadh í i gContae Mhaigh Eo in 1874. In ainneoin go raibh beagnach tríocha bliain caite ón ngorta mór, bhí an bhochtaineacht, galair agus an t-ocras forleathan go fóill ar fud na hÉireann. Chuaigh an cruatan bhí le feiceáil sa tír chomh mór sin i gcion ar Kathleen gur bheartaigh sí bheith ina dochtúir.

Tríd an obair a rinne sí leis na bochtáin i lár na cathrach, ba léir di go raibh gá le hospidéal chun cúram leighis agus saoráidí oideachais a chur ar fáil do mháithreacha agus do leanaí díothacha. Mar sin, bheartaigh sí féin agus Madeleine ffrench-Mullen Ospidéal Naomh Ultan a bhunú in 1919. Ag an tús, bhíothas ag díriú ar chóir leighis a chur ar naíonáin bhreoite agus, faoi 1937, bhí an t-ospidéal mar shainionad vacsaíniú BCG in Éirinn. Bhí an Dr Lynn gníomhach sa pholaitíocht le linn Fhrithdhúnadh Bhaile Átha Cliath 1913, Éirí Amach 1916 agus le linn Chogadh na Saoirse. Ba phríomhoifigeach leighis í in Arm Cathartha na hÉireann agus ba bhall í de choiste feidhmiúcháin Chumann Vótála agus Rialtais Áitiúil Mhná na hÉireann.

Bhásaigh Kathleen i 1955 agus adhlacadh í i Reilig Ghráinseach an Déin, Baile Átha Cliath, le lánonóracha míleata.

Sonraíochtaí
Uimhir an earra IE2403
Cáilíocht Proof
Miotal Sterling Silver
Coin Weight 28.28
Denomination 15
Diameter 38.61
Fineness 0.925
Teorainn Eisiúna 2000
Designer Reverse Daniela Fusco
Cruth Cruinn
Imeall Eitreach