0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Bonn Profa Airgid €15 Luke Kelly 2020

Bonn Profa Airgid €15 Luke Kelly 2020
Méadaigh
  • Tá an bonn profa airgid steirling 2020 le fáil i mbosca taispeántais agus tá deimhniú barántúlachta ag gabháil leis
  • An chuid dheireanach den tsraith ‘Ceoltóirí na Linne seo’
  • Tá líon teoranta den bhonn inbhailithe seo á eisiúint chun comóradh a dhéanamh ar an gceoltóir Éireannach Luke Kelly agus ar chothrom 80 bliain ó rugadh é. 
Mionchuntas agus mionsonraíochtaí
Roghnaigh méid agus bliain ar dtús chun leanúint ar aghaidh.
€ 64.99

Tá an t-earra seo díolta amach

Logáil isteach
Cuntas

Tá líon teoranta den bhonn inbhailithe seo eisithe chun comóradh a dhéanamh ar chothrom 80 bliain ó rugadh mórphearsa cheol na hÉireann, Luke Kelly.

Rugadh Luke Kelly in 1940 ar Shráid an tSirriam, Baile Átha Cliath. Bhog sé go Sasana nuair a bhí sé ina dhéagóir agus ghlac sé páirt in athbheochan an cheoil tíre. D’fhill sé ar Éirinn ag tús sna seascaidí agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa, The Dubliners.

Tar éis dó sos a ghlacadh ón ngrúpa ar feadh scaithimh, tháinig The Dubliners agus Kelly ar ais le chéile athuair. Bhí mór-rath orthu le ceirníní mórdhíola agus chuadar ar camchuairt ar fud an domhain tráth a bhí an tóir ar cheol tíre na hÉireann ag méadú. Bhí sé ina bhall de The Dubliners don chuid eile dá shaol ach bhain sé triail as réimsí eile ceoil freisin, ag taifeadadh ceoil agus ag dul ar camchuairt mar ealaíontóir aonair agus chaith sé seal leis an amharclan naíocht cheoil freisin.

Faraor, cailleadh Luke Kelly in 1984. Faoin am sin, bhí cáil air mar dhuine a raibh bua ar leith aige ó thaobh cheol agus chultúr na hÉireann. Ba dhuine den lucht oibre é agus bhí sé an-bhródúil as an gcúlra sin. Bhí cáil air freisin mar gheall ar a ghníomhaíochas polaitiúil agus a ghlór iontach in amhráin thraidisiúnta agus in amhráin eile agus is mórphearsa i gcónaí é in Éirinn agus ar fud an domhain.

Sonraíochtaí
Uimhir an earra IE2406
Cáilíocht Proof
Miotal Sterling Silver
Coin Weight 28.28
Denomination 15
Diameter 38.61
Teorainn Eisiúna 3,000