0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Bonn Profa Airgid €15 (W.B. Yeats) 2015

Bonn Profa Airgid €15 (W.B. Yeats) 2015
Méadaigh
  • Comóradh ar Chothrom 150 bliain ó rugadh duine de mhórfhilí na hÉireann W.B. Yeats
  • Airgead steirling, caighdeán profa agus tá sé ar fáil i mbosca galánta taispeántais
  • Eisiúint teoranta do 8,000 píosa
Mionchuntas agus mionsonraíochtaí
Roghnaigh méid agus bliain ar dtús chun leanúint ar aghaidh.
€ 44.00
Logáil isteach
Cuntas

Meastar gurb é W.B. Yeats duine de na filí is fearr ón bhfichiú haois. Bhí Yeats faoi dhraíocht ag stair, miotaseolaíocht agus cultúr na hÉireann, téamaí a léirítear ina chuid saothar, agus d'éirigh leis cultúr na hÉieann a thabhairt os comhair lucht féachana agus lucht léitheiureachta níos leithne. Rugadh W.B. Yeats i mBaile Átha Cliath an 13 Meitheamh 1865, mac an phéintéara chlúitigh, John Butler Yeats. Ba dhuine mór le rá é i gcomhthéacs Athbheochan Litríochta na hÉireann agus bhí tionchar mór ag mioraseolaíocht agus béaloideas na hÉireann ar a chuid scríbhneoireachta. Bá cheannródaí tábhachtach cultúrtha é a chuid oidhreacht dhúchasach na hÉieann chun cinn, bhí sé ina phríomhdhrámadóir (ba dhuine de bhunaitheoirí Amharclann na Mainstreach i mBaile Átha Cliath é), agus ba dhuine de mhórfhilí na haoise é chomh maith. Bronnadh duais Nobel na litríochta air i 1923 agus bhásaigh sé i 1939 nuair a bhí trí bliana déag is trí scór aige.

Tá W.B. Yeats á chomóradh ag Banc Ceannais na hÉieann leis na boinn fhíoráille seo, arna mbualadh chuig caighdeán profa in Airgead Sterling. Tá múnlú álainn ag na boinn inbhailthe stairiúla €15 seo agus is urraim chuí iad don fhile Éireannach clúiteach William Butler Yeats. Ar an dearadh, léirítear W.B. Yeats mar ealaíontóir, mar fhile agus mar rómánsaí. Tá a chuid ribí gruaige agus na gleoiseacha agus na beacha óna dhán clúiteach 'The Lake Isle of Innisfree' fite lena chéile. Déantar gach bonn a bhuladh chuig an gcaighdeán profa is airde in airgead steirling .925 agus tá gach ceann díobh le fáil i gcás taispeántais galáta. Tá an eisiúint chomórtha seo teoranta do 8,000 bonn airgid.

Is dealbhóir í Mary Gregoiry a rinne staidéar ar an mínealaín i gCólaiste Crawford don Ealaín & Dearadh, Coraigh. I 1998 roghnaíodh Mary mar Mhac Léinn na Bliana agus bhain sí an tríú háit amach i gclár bonn na mac léinn i gCumann Bonn Ealaíne na Breataine, rud a spreag a cuid spéise i ndearadh monaí ahus bonn. Tá boinn Éireannacha éagsúla deartha ag Mary lena n-áirítear na boinnn sin lena gcomórata James Joyce agus Cultúr Ceilteach na hÉireann. "The design tries to make a visual poem with rhythm and beat. Not with words but with pictures. Apart from the actual portrait, which does have quite a bit of detail, the design has been kept as sparse as possible to make the face stand out,” Mary Gregory.

Sonraíochtaí
Uimhir an earra IE2295
Featured Product No
Cáilíocht Proof
Bliain 2015
Miotal Sterling Silver
Coin Weight 28.28
Denomination 15
Diameter 38.61
Fineness 0.925
Teorainn Eisiúna 8000
Designer Reverse Mary Gregoiry