0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Bonn Profa Óir €20 (Ailtireacht Mheanaoiseach na hÉireann Carraig Phádraig) 2013

Bonn Profa Óir €20 (Ailtireacht Mheanaoiseach na hÉireann Carraig Phádraig) 2013
Méadaigh
  • Ailtireacht Mheánaoiseach na hÉireann á Ceiliúradh
  • Léirítear gnéithe de Charraig Phádraig air
  • Ar fáil i mbosca taispeántais galánta le deimhniú barántúlachta
  • Eisiúint teoranta do 10,000 bonn óir
Mionchuntas agus mionsonraíochtaí
Roghnaigh méid agus bliain ar dtús chun leanúint ar aghaidh.
€ 47.99
Logáil isteach
Cuntas

Tá tírdhreach na hÉireann breac le fothraigh foirgneamh meánaoiseach. Cé go bhfuil a bhformhór díobh imithe in ainríocht, tugann na caisleáin, séipéil, mainistreacha agus cloighithe léargas fíorspéisiúil ar oidhreacht luachmhar ailtireachta na hÉireann. Ba bheoga an láthair ealaíne agus cultúir a bhí in Éirinn le linn na meánaoiseanna ach bhí an tír go mór faoi anáil na hEorpa chomh maith. Dá bhrí sin, is meascán ilchineálach í Ailtireacht Mheánaoiseach na hÉireann de stíleanna dúchasacha agus stíleanna eachtracha. Bhí an stíl Rómhánúil an-choitianta le linn na tréimhse seo ach bhí an stíl Ghotach agus an stíl Ghearmánach feiceálach freisin. Tógadh go leor de shéipéil bhreátha na hÉireann le linn na ré seo agus bunaíodh agus daingníodh roinnt de na cathracha ní ba mhó sa tír le linn na tréimhse meánaoisí. Tá samplaí sármhaithe ar fud na hÉireann den ailtireacht mheánaoiseach agus tá formhór na samplaí sin le feiceáil i séipéil agus i gcaisleáin. Thar ceann an roine Airgeadais, tá líon teoranta de bhoinn inbhailithe á eisiúint ag Banc Ceannais na hÉireann lena dtugtar urraimd'Ailtireacht Mheánaoiseach na hÉireann agus ar a léirítear Carraig Phádraig. Rinne na boinn inbhailithe stairiúla €20 seo a bhualadh chuig an gcaighdeán is airde profa. Ar chúl an bhoinn, taispeántar gnéithe de Charraig Phádraig - ceann de na samplaí is fearr den ailtireacht mheánaoiseach in Éirinn. Na gnéithe ailtireachta a bhí coitianta sa tréimhse sin - an cloigtheach, an rósfhuinneog Ghotach, na rampair agus an chros Cheilteach - tagann siad go léir le chéile sa dearadh álainn nua seo ag an ealaíontóir Éireannach, Mary Gregoriy. Ar aghaidh an bhoinn, tá an léiriú traidisiúnta den chruit Ghaelach. Tá múnlú na mbonn inbhailithe stairiúil €20 seo fíorghalánta agus is ómós feiliúnach iad chun Ailtireacht Mheánaoiseach na hÉireann a chomóradh. Rinneadh gach bonn a bhualaldh chuig caighdeán profa .999 ór fíneálta agus is i mbosca galánta taispeántais a bheidh gach bbonn. Beidh Teastas Barántúlachta uimhrithe, ina ndeimhneofar an teorainn eisiúna íseal, ag gabháil le gach ceann díobh freisin. Tá teorainn arb ionann agus 10,000 bonn óir i gceist leis an eisiúint chomórtha seo. Rinne an dealbhóir, Mary Gregoriy, staidéar ar an Mínealaín i gColáiste Crawford don Ealaín & Dearadh, Corcaigh. Is é bonn seo ar Ailtireacht Mheánaoiseach na hÉireann 2013 ab tríú bonn Éireannach atá deartha ag Mary, tar éis di an bonn ar Chultúr Ceilteach 2007 agus bonn James Joyce 2013 a dhearadh. "Ar bhonn beag den sórt seo, bhraith mé go raibh leagan amach simplí, láidir, siombalach riachtanach. Léirítear scáthchruth den Chloightheach idir duine agus léas, sa chaoi go n-éiríonn sé aníos chugat as an mbonn. Tá sé ard, maorga, galánta. Taobh thiar den chloightheach, feictear na forbhallaí lena gcuirtear chun cinn an tuairim gurb é an caisleán áirithe seo a chosain ionad Ríthe na hÉireannar feadh na gcéadta bliain. Seasann an Rósfhuinneog don ailtireacht choitianta mheánaoiseach. Chuir mé gné amháin eile leis an bpictiúr chun traidisiún Ceilteach an tséadchomhartha seo a léiriú: scáthchruth d'Ardchros na hÉireann ar an gcloigtheach."

Sonraíochtaí
Uimhir an earra IE2213
Featured Product No
Cáilíocht Proof
Bliain 2013
Miotal Gold
Coin Weight 0.5g
Denomination 20
Fineness 0.999
Teorainn Eisiúna 10000
Designer Reverse Mary Gregoiry