0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Cath Chluain Tarbh Bonn Profa Óir €20 2014

Cath Chluain Tarbh Bonn Profa Óir €20 2014
Méadaigh
  • Comóradh ar chothrom 1000 bliain Chath Chluain Tarbh
  •  Taispeántar íomhá shnoite de Bhrian Bóramha, Ardrí cáiliúil na hÉireann
  • Ar fáil i mbosca taispeántais galánta
  • Eisiúint teoranta do 12,000 píosa
Mionchuntas agus mionsonraíochtaí
Roghnaigh méid agus bliain ar dtús chun leanúint ar aghaidh.
€ 47.99
Logáil isteach
Cuntas

Dhá chéad bliain roimh Chath Chluain Tarbh, tháinig na Lochlannaigh go hÉirinn agus bhunaigh siad áiteanna cónaithe de réir a chéile ar fud na héireann. Bhí an bua ag Ardrí na hÉireann, Brian Bóramha ó Chúige Mumhan, ar airm Lochlannach i gcathanna éagsúla.Chuaigh Rí Laighean, Mael Mórdha, i leith na Lochlannach, lena n-áirítear ceannaire na Lochlannach i mBaile Átha Cliath, Sigtrygg Silkbeard, chun troid a chur ar Bhrian Bóramha. Thug Brian Bóramha agus a arm aghaidh ar Bhaile Átha Cliathchun an cheannairc a chur faoi chois. Chuaigh an dá thaobh i ngleic lena chéile ar Aoine an Chéasta an 23 Aibreán 1014 agus ba cheann de na laethanta ba dhanartha i sean-stair na hÉireann a bhí ann. Chuir arm Rí Bhriain an ruaigar arm Laighean Mhael Mórdha agus ruaigeadh na Lochlannach ar ais chun na farraige ag Cluain Tarbh. De réir an fhinscéil, bhí Brian bóramha ar a ghlúine ina phuball ag guí nuair a rith an Lochlannach Brodir isteach agus mharaigh le tua é. Le Cath Chluain Tarbh, fágadh leamhsháinn pholaitiúil in Éirinn. Bhí Brian Bóramha marbh agus bhí iarmhairt mhór ag a bhás ar Éirinn. Bhí sé tar éis ire a aontú ar bhealach nach raibh feicthe riamh roimhe sin - éacht a bhí ann. I ndiaidh Chath Chluain Tarbh, áfach, lean an rath eacnamaíoch a bhí ar Lochlannaigh Átha CLiath agus le himeacht aimsire tháinig cultúr gael-Lochlannach nua chun cinn. Rinneadh na boinn inbhailthe stairiúla €20 seo a bhualadh chuig and gcaighdeán is airde profa in ór fíneáilte .999. Ar chúl an bhoinn, taispeántar léiriú snoite de Bhrian Bóramha - an buaiteoir sa chath ar son Ard Ríogacht na hÉireann. Ba é an dealbhóir ireannach, Nollaig de h-Óra, a dhear. Ar aghaidh an bhoinn, tá an léiriú traidisiúnta den chruit Ghaelach, dá ngairtear Cruit Bhriain Bóramha.Tá múnlú na mbonn inbhailthe stairiúla €20 seo fíorghalánta agus is ómós feiliúnach iad do Chothrom 1000 bliain Chath Chluain Tarbh. Tá gach bonn buailte chuig caighdeán profa in ór fíneáilte .999 agus is i mbosca galánta taispeántais atá gach ceann díobh. Beidh Deimhniú barántúlachta uimhrithe ina ndeimhneofar an teorainn eisiúna íseal ag gabháil le gach ceann díobh freisin. Tá teorainn 12,000 bonn óir i gceist leis an eisiúint seo. Beidh ardmheas ar na mionbhoinn óir seo. Is céimí den Choláiste náisiúnta Ealaíne é dearthóir an bhoinn, Nollaig de h-Óra, áit ar bhain sé dioplóma onóracha sa dealbhóireacht amach i 1965. Cháiligh sé mar mhúinteoir  Ealaíne ina dhiaidh sin agus tá clú air i measc an lucht ealaíne i mBaile Átha Cliath. "Nuair a chuir mé isteach ar chomórtas boinn Chath Chluain Tarbh, rith sé liom gurbh oiriúnach go mbeadh an bonn ar aon dul le boinn na tréimhse sin. Tá spéis agam sa tréimhse Ghréagach agus sna Meánaoiseanna mar gheall ar a dtréithe dealbhóireachta. Bhí na seanbhoinn sea ina spreagadh dom chun íomhá uilleach de cheann Bhriain Bóramha a dhealbhú. Chun an éifeacht dealbhóireachta a bhaint amach, chinn mé iad a shnoí i rilíf íseal. B'oiriúnach cáilíocht nádúrtha na haolchloiche meathbháine mar mhacasamhail de cháilíocht dealbhóireachta na mbonn sin a bhfuil meas agam orthu."

Sonraíochtaí
Uimhir an earra IE2236
Featured Product No
Cáilíocht Proof
Bliain 2014
Miotal Gold
Coin Weight 0.5g
Denomination 20
Fineness 0.999
Teorainn Eisiúna 12000
Designer Reverse Noel Hoare