Jonathan Swift
€15 Silver Proof Coin
REF : 2385

Comórtar an bonn profa €15 2017 beatha duine de mhórúdair na hÉireann, Jonathan Swift.

€60.00

- +

Comórtar an bonn profa €15 2017 beatha duine de mhórúdair na hÉireann, Jonathan Swift, agus tá sé á sheoladh ar chothrom an lae a rugadh é 350 bliain ó shin in 1667.

Cuireadh oideachas air i gColáiste na Tríonóide agus níos déanaí ceapadh ina Dhéan ar Ard-Eaglais Phádraig i mBaile Átha Cliath é. Bhí cáil ar Swift mar dhuine de na haorthóirí próis is fearr sa Bhéarla.

Bhí cáil ar Swift mar dhuine de na haorthóirí próis is fearr sa Bhéarla. Is fearr aithne air as a chuid scríbhinní clúiteacha, lena n-áirítear A Tale of a Tub, A Modest Proposal agus ar ndóigh Gulliver’s Travels. Tugann an leabhar insint ar iomramh Lemuel Gulliver go dtí ceithre fhearann choimhthíocha, áit a mbualann sé le sraith samhlaoidí íorónta den chine daonna. Ach d’fhéadfaí cur síos níos cruinne a dhéanamh ar an leabhar mar shaothar géarchúiseach critice ar laigí an duine. Bhásaigh Swift i mBaile Átha Cliath in 1745 agus tá sé curtha in Ard-Eaglais Phádraig.

Ba é an dearthóir Polannach, Sebastian Mikolajczak, a dhear an bonn comórtha agus tráthúil go leor, léirítear an carachtar ón saothar is cáiliúla de chuid Swift ar an mbonn, agus taispeántar long ag seoladh trasna leathanaigh oscailte Gulliver’s Travels.

Featured Product No
Cáilíocht Proof
Bliain 2018
Miotal Sterling Silver
Coin Weight 28.28
Denomination 15
Diameter 38.61
Fineness 0.925
Teorainn Eisiúna 2000