Fíordheimhniú láidir custaiméara (SCA) - seiceanna breise slándála curtha i bhfeidhm ar íocaíochtaí ar ár siopa ar line tuilleadh eolais

Bonn Profa Airgid €10 ag comóradh Dhroichead na Life (An Clár Eorpach Airgid)
REF : 2383

Déanann bonn profa airgid €10 2017 comóradh ar cheann de mhór-shainchomharthaí Bhaile Átha Cliath, Droichead na Life. Osclaíodh Droichead na Life go hoifigiúil i mí Bealtaine 1816. 

€60.00

- +

Déanann bonn profa airgid €10 2017 comóradh ar cheann de mhór-shainchomharthaí Bhaile Átha Cliath, Droichead na Life. Osclaíodh Droichead na Life go hoifigiúil i mí Bealtaine 1816. Ba é an t-aon droichead do choisithe i mBaile Átha Cliath é agus ba nasc idir tuaisceart agus deisceart na cathrach é ar feadh 184 bliain. Ar feadh 100 bliain i ndiaidh a osailte, bhí an droichead ar úinéireacht ag fear darbh ainm William Walsh a ghearr leathphingin ar dhaoine áitiúla chun an droichead a thrasnú. Is uaidh sin a fuair ceann de na sainchomharthaí is cáiliúla sa chathair a ainm. Roimhe sin, tugadh Droichead na Life, Droichead Wellington nó an Droichead Iarainn air.

Ar an mbonn seo, arna dhearadh ag Antonella Napolione, léirítear droichead mórchlú Bhaile Átha Cliath, Droichead na Life. Tá an dearadh bunaithe ar dhearcadh coisí agus é nó í ag dul trasna chosán stuach sainiúil an droichid. Mar a deir an dearthóir féin: “It is surely one of the best known bridges in Dublin City, as well as being composed of cast iron”.

Beidh gach bonn profa i mbosca taispeántais agus beidh deimhniú barántúlachta ag gabháil le gach ceann díobh freisin. Rinneadh an bonn comórtha seo, a bhfuil eisiúint theoranta ag gabháil leis, a bhualadh chuig caighdeán profa in airgead steirling .925. Tá teorainn eisiúna 4,000 bonn ag gabháil leis. Tá sé 38.61mm ar trastomhas agus is é 28.28g a mheáchan. 

Tá páirt glactha ag Banc Ceannais na hÉireann sa Chlár Eorpach Airgid gach bliain ó 2006 i leith. “Móraoiseanna na hEorpa” is ea an téama do na blianta 2016-2020. Féachann sé le sainiúlacht na hEorpa a chur in iúl trí stair a healaíne. Tá na haoiseanna seo nasctha leis an ailtireacht a chomórtar ar na nótaí bainc €20-€500. Le heisiúint 2017, comórtar “Aois an Iarainn agus na Gloine - Comhthéacs Éireannach”. Baineann sé le tréimhse na hailtireachta agus an dearaidh sa 19ú haois. Taispeánfar droichead mórchlú Bhaile Átha Cliath, Droichead na Life, ar an mbonn. I measc na dtíortha rannpháirteacha eile, tá: an Bheilg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Iodáil, Málta, an Phortaingéil, an Spáinn.


Featured Product No
Is Limited Stock No
Cáilíocht Proof
Bliain 2017
Miotal Sterling Silver
Coin Weight 28.28
Denomination 10
Diameter 38.61
Fineness 0.925
Teorainn Eisiúna 4000
Designer Reverse Antonella Napolione

PEOPLE ALSO BOUGHT