Bonn Profa Airgid €10 (JFK) 2013
REF : 2196

Marking the 50th Anniversary of the JFK's Visit to Ireland

€50.00

- +

I gcomhar leis an Roinn Airgeadais, tá boinn inbhailithe d'eagrán teoranta á n-eisiúint ag Banc Ceannais na hÉireann do chomóradh 50 bliain chuairt stairiúil an Uachtaráin John F. Kennedt ar Éirinn i 1963. Rinne na boinn inbhailithe áille agus stairiúla a bhualadh chuig an gcaighdeán is airde cáilíochta. Ar chúl an bhoinn, taispeántar portráid cháiliúil den Uachtarán Kennedy - an chéad Uachtarán de chuid na Stát Aontiathe le cuairt a thabhairt ar Éirinn agus an chéad duine díobh arna thaispeáint ar bhonn Éireannach. Ba é an dealbhóir clúiteach Tom Fitzgerald a dhear an phortáid. Leirítear an chruit Ghaelach ar aghaidh an boinn. Is i gcás galánta taispeántais a bheidh an bonn inbhailithe  agus beidh Deimhniú Údarachta ag gabháil le gach ceann díóbh ina sonrófar na teorainneacha ísle eisiúna agus annamhacht an teaghmhais moneolaíochta seo.

Tá eisiúint an bhoinn chomórtha seo. Tugadh fearadh na fáilte roimh John f. KEnnedy nuair a thug sé cuairt ar Éirinn sa samhradh i 1963, an chéad Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá a rinne amhlaidh. Bhí an tUachtarán Kennedy ag filleadh ar an áit ónar thug a shin-sheanathair, Patrick Kenned, aghaidh ar Mheiriceá in 1848 le linn an Ghorta Mhóir. Le linn an turais chorraithigh seo a mahir ceithre lá, chruinnigh daoine thart ar an Uachtarán Kennedy ina sluaite ag iarraidh gearrfhéachaint a fháil aur agus bhí na sráideanna plódaithe le lucht deamhéine a raibh bratacha Éireannacha agus Meiriceánacha ina nglac acu. Mar chuid den turas, thug an tUachtarán Kennedy cuairt ar  a bhaile dúachasach i mBaile Fearainn, Contae Loch Garman, thug sé óráid d'Oireachtas Éireann i mBaile Átha Cliath agus thug sé cuairt ar phort ROs Mhic Thriúin, áit ar thug a shin-sheanathair faoin aistear farraige go Meiriceá in 1848. Tamall gairid i ndiaidh a chuairte ar Éirinn, feallmharaíodh an tUachtarán Kennedy in Dallas, Texas. Teaghmas suntasach i nua-stair na hÉireann ab ea a chuairt ar Éirinn. 

Chuaigh and dealbhóir, TOM FITZGERALD, ar luathscor óna phost mar Cheannasaí ar an Roinn Dealbhóireachta i Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh in 2000 d'fhonn a chuid saothar féin a shaothrú. Tá tasipeántais dá shaothar curtha ar bun go forleathan auge in Éirinn agus sand Eoraip agus sna Stáit Aontaithe chomh maith. Cleachtann sé dealbhóireact, líníocht, ealaín suiteála agus tionscadail ealaíne poiblí. Togadh ina chomhalta d'Aosdána Luimnigh agus is ann a bhíonn sé i mbun oibre freisin. 

Featured Product No
Cáilíocht Proof
Bliain 2013
Miotal Sterling Silver
Coin Weight 28.28
Denomination 10
Diameter 38.61
Fineness 0.925
Teorainn Eisiúna 15000
Designer Reverse Tom Fitzgerald