Fíordheimhniú láidir custaiméara (SCA) - seiceanna breise slándála curtha i bhfeidhm ar íocaíochtaí ar ár siopa ar line tuilleadh eolais

Ceart Vótála na mBan – Comóradh 100 Bliain – Bonn Profa Airgid €15
REF : 2390

Leis an mbonn Profa Airgid €15 2018 seo, comórtar 100 bliain ó tugadh an ceart vótála do mhná na hÉireann. B’ócáid thábhachtach í seo ar an gconair i dtreo an chomhionannais in Éirinn.

€63.00

- +

Fuair mná an ceart seo nuair a tháinig an dlí i bhfeidhm an 6 Feabhra 1918 faoin Representation of the People Act 1918. Tá líon teoranta den bhonn comórtha seo á n-eisiúint chun comóradh a dhéanamh ar an gcuimhneachán suntasach céad bliain seo. 

Ba é an t-ealaíontóir cáiliúil moneolaíochta, Michael Guilfoyle, a dhear an bonn comórtha seo. Leis an dearadh seo, comórtar an dul chun atá déanta le céad bliain anuas ó thaobh comhionannas a bhaint amach do mhná in Éirinn. Léirítear sufraigéid ina seasamh chun tosaigh agus bratach ina glac aici ar a n-éilítear ceart vótála do mhná na hÉireann.

Taobh thiar di, taispeántar mórshiúl de mhná muiníneacha, tiomanta agus iad ag máirseáil chun tosaigh, rud a sheasann don dul chun cinn atá déanta i dtreo an chomhionannais ó 1918 go dtí an lá atá inniu ann. Siúlann siad go scafánta ar bhóthar atá péinteáilte i ndathanna ghluaiseacht sufraigéide na hÉireann. Is é seo an chéad bhonn comórtha Éireannach ar a bhfuil dathanna léirithe ó eisíodh an bonn do na Cluichí Oilimpeacha Speisialta in 2003.

Beidh an bonn profa seo i mbosca taispeántais agus beidh deimhniú barántúlachta ag gabháil leis freisin. Rinneadh an bonn comórtha seo a bhualadh chuig caighdeán profa in airgead steirling .925 agus tá an eisiúint teoranta do 3,000 bonn. Tá an bonn seo 38.61mm ar trastomhas agus is é 28.28g a mheáchan.

Featured Product No
Is Limited Stock Yes
Cáilíocht Proof
Bliain 2018
Miotal Sterling Silver
Coin Weight 29.28
Denomination 15
Diameter 38.61
Fineness 0.925
Teorainn Eisiúna 3000
Designer Reverse Michael Guilfoyle

PEOPLE ALSO BOUGHT