0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Téamaí na nDearaí Bonn

1.     Cláir Eorpacha
Glacann Éire agus seacht BCN eile páirt i gclár Europa Star. Comhaontaíonn na tíortha rannpháirteacha téama bliantúil agus bíonn na dearaí bunaithe ar na téamaí sin.

2.     Cláir bunaithe ar Théamaí Éireannacha[1]
Nuair a bheidh téamaí bonn á mbreithniú ag an gCoiste Comhairleach Moneolaíochta (NAC), cuirfidh sé cláir fhéideartha san áireamh a mhairfidh roinnt blianta. Sna cláir sin, d’fhéadfaí cultúr na hÉireann a léiriú, nó obair atá déanta ar son réimse ar leith e.g. na healaíona, an eolaíocht nó gaiscí Éireannacha.

3.     Cuimhneacháin/Comóradh sa Bhliain lena mbaineann
Breithneoidh NAC imeachtaí stairiúla agus cultúrtha, breitheanna agus básanna daoine aonair a raibh tionchar suntasach acu ar stair nó ar chultúr na hÉireann nó cothrom ócáidí a thitfidh sa bhliain lena mbaineann.

4.     Boinn eile a chur san áireamh
Cuirfidh NAC san áireamh téamaí a úsáideadh i dtíorthaí eile agus téamaí a comóradh cheana féin ar bhoinn Éireannacha sa chaoi gur féidir deiseanna a thapú maidir le téamaí ar leith nó chun cur le téamaí rathúla a úsáideadh cheana féin.

5.     Cultúr Domhanda & Stair Dhomhanda
Breithneoidh NAC imeachtaí, gaiscí nó daoine aonair a raibh tionchar acu lasmuigh d’Éirinn agus a chuir le cultúr/stair na hEorpa nó leis an gcultúr domhanda nó leis an stair dhomhanda.

6.     Treoracha/Reachtaíocht AE
Toisc gur gá do Bhallstáit AE dearaí le haghaidh bhoinn chomórtha €2 a cheadú, ba cheart go gcomhlíonfadh na dearaí sin treoirlínte AE e.g. níor cheart go gcomórfaí cogaí nó bua a bhí ag Ballstát amháin ar Bhallstát eile. Chomh maith leis sin, ba cheart a bheith cáiréiseach ó thaobh ceisteanna íogaire i mBallstát eile.

7.     Brúghrúpaí
Féadfaidh go mbeidh ar an mBanc Ceannais bonn inbhailithe a eisiúint faoi ghearrfhógra de bharr iarrataí, a bheidh ceadaithe ag an Aire Airgeadais, ó bhrúghrúpaí éagsúla. Oibreoidh NAC i gcomhar leis an mBanc Ceannais chun athbhreithniú a dhéanamh ar an iarratas agus téama/dearadh oiriúnach a chomhaontú.

8.     Daoine aonair
Nuair a bheidh comóradh á dhéanamh ar bheatha duine aonair, leanfaidh NAC treoirlínte ar leith chun sláine na heisiúna a chothabháil. Is iad seo a leanas na treoirlínte:
-  Beidh an duine aonair sin marbh ar feadh tréimhse is faide ná 10 mbliana.
-  Ní bheidh aon bhaint ag an duine aonair le himeachtaí a tharraing conspóid mhór nó poiblíocht dhiúltach le linn a s(h)aoil.
-  Ní mhaslófaí aon dream suntasach den phobal dá roghnófaí an duine aonair sin.
-  Ní mhaslófaí baill teaghlaigh/daoine muinteartha atá ina mbeatha dá roghnófaí an duine aonair sin.
-  Breathnaigh ar 6 thuas.
 
[1] Ina theannta sin, féadfaidh an Banc Ceannais dul i gcomhairle le ranna rialtais iomchuí eile, tríd an Roinn Airgeadais, i ndáil le téamaí a bheidh ábhartha dóibh.