0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Bonn - is iontach go deo an bronntanas é ar gach ócháid

Féadar bonn nó foireann bonn a thabhairt mar bhronntanas ar na hócáidí seo a leanas:

  • Breithlá

  • Pósadh 

  • Baisteadh

  • An Bhliain Úr 

  • An Cháisc

  • An Nollaig

  • An Chéad Chomaoineach

  • Cóineartú

  • Bronnadh Céime 

  • Lá Fhéile Vailintín

  • Lá na Máithreacha  

  • Lá na nAithreacha 

  • Dul ar Scor  

Is bronntanas ar leith é bonn nó foireann bonn a mbíonn buaine ag baint leis. Má tá bronntanas á lorg agat do dhuine éigin a bhfuil spéis acu i dtéama boinn ar leith nó dp dhuine a bhfuil spéis acu san ealaín agus sa cheardaíocht nó má theastaíonn uait bronntanas as an ngnáth a fháil do dhuine speisialta, is an-smaoineamh é bonn lómhar a thabhairt mar bhronntanas chun an ócáíd speisialta sin a chomóradh. Is infheistíocht iad freisin agus féadfar iad a chur ar aghaidh ó ghlúin go glúin, agus ar an gcaoi sin, is luach iontach ar airgead iad. Tá boinn agus foirne bonn againn i réimsí praghais éagsúla chun freastal ar bhuiséid éagsúla agus bíonn téamaí agus miotail éagsúla i gceist leo freisin. 

Is féidir leat brabhsál ar ár gcuid táirgí ach bliain na hócáide a roghnú nó téama ar leith nó an cineál boinn a roghnú.

Bíonn foirne bliana agus foirne linbh againn chuile bhliain mar aon le rogha de bhoinn phrofa airgid agus óir agus d'fhoirne profa a dhéanfadh bronntanas ar dóigh chun ócáid speisialta a chomóradh. 

Taispeántar bliain an táirgthe ar gach bonn agus, ar an gcaoi sin, éiríonn leis na boinn ócáidí ar leith a ghreanadh i gcuimhne.