Eolas Fúinne
Bíonn Banc Ceannais na hÉireann ag gníomhú mar ghníomhaire don Aire Airgeadais nuair a eisíonn sé boinn Éireannacha, idir bhoinn a chuirtear i gcúrsaíocht agus bhoinn chomórtha. Eisítear boinn inbhailithe Éireannacha chun ómós a thabhairt do phearsana a mbaineann tábhacht náisiúnta leo agus chun ócáidí suntasacha i stair na hÉireann a chomóradh. De ghnáth, seoltar ceithre nó cúig cinn de tháirgí nua gach bliain.![](https://knm2-static.azureedge.net/cmsdata/mediabrowser/images/ireland/diarmuid_cushen_-_2007treatyofromee2coin.png?v=20220503132102)