0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Ráiteas Inrochtaineachta

Stádas Comhréireachta

Tá Banc Ceannais na hÉireann tiomanta dá shuíomhanna gréasáin a dhéanamh inrochtana, i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí) 2020 agus tá sé meáite ar a chinntiú go bhfuil an suíomh gréasáin seo inrochtana don lucht féachana is leithne is féidir, beag beann ar imthosca nó ar chumas. 
Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo le www.collectorcoins.ie.

Stádas Comhlíontachta

Tá an suíomh gréasáin féin i gcomhréir go hiomlán leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhar Gréasáin 2.1 leibhéal AA. Ach, le linn an phróisis ordaithe boinn, déanfar tú a atreorú chuig suíomh gréasáin tríú páirtí (Buckaroo) a úsáidtear le haghaidh próiseáil íocaíochta slán agus ní féidir linn dearbhú a thabhairt maidir le comhlíontacht shuíomh gréasáin an 3ú páirtí seo.  Measaimid, áfach, nach dtagann inneachar shuíomh gréasáin an 3ú páirtí seo faoi raon feidhme na reachtaíochta ábhartha.

Ullmhú an ráitis Inrochtaineachta seo

Ullmhaíodh an ráiteas seo ar an 4ú Bealtaine 2022.

I mí Aibreáin 2022, athbhreithníodh an suíomh gréasáin i leith chomhlíonadh na dTreoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhar Gréasáin 2.1 leibhéal AA (WCAG 2.1) Level - AA. Rinne accessiBe an tástáil.

Athbhreithníodh an ráiteas seo ar an 4ú Bealtaine 2022.

Aiseolas agus Sonraí Teagmhála

Déan teagmháil lenár bhfoireann gréasáin más gá duit rochtain a fháil ar fhaisnéis i bhformáid irochtana:
Ríomhphost: webadmin@centralbank.ie
Déan teagmháil lenár nOifigeach Rochtana má tá aon cheisteanna agat maidir le cur chuige an Bhainc Ceannais maidir le hinrochtaineacht:
Ríomhphost: liam.mcmunn@centralbank.ie
Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi ina bhfreagróimid do d’iarratas, is féidir leat grearán a dhéanamh ach ár Nós Imeachta Láimhseála Gearán a leanúint.


Nós Imeachta Forfheidhmiúchái

Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi ina bhfreagróimid do d’iarratas nó do ghearán, is féidir leat gearán a dhéanamh chuig Oifig an Ombudsman faoi théarmaí an Achta um Míchumas 2005.
Oifig an Ombudsman
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2
D02 W773
Teil: +353 (0)1 639 5600
Ríomhphost: complaints@ombudsman.ie
Gréasán: www.ombudsman.ie/disability-act/make-a-complaint

Faisnéis bhreis

Míníonn na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhar Gréasáin conas ábhar gréasáin a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine faoi raon leathan míchumais. Trí na treoirlínte sin a chomhlíonadh, cuirtear lenár gcumas suíomh a chur ar fáil a bheidh inrochtana ag gach duine, idir dhaoine dalla agus dhaoine lagluaileacha.
Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as teicneolaíochtaí éagsúla atá ceaptha é a dhéanamh níos inrochtana. Bainimid úsáid as comhéadan a chuireann ar chumas daoine faoi mhíchumas ar leith UI (comhéadan úsáideora) an tsuímh gréasáin a choigeartú agus é a dhearadh i gcomhréir lena riachtanais phearsanta. Cuirtear an comhéadan seo in ionad an mhodha sheanfhaiseanta inar cuireadh an dearadh céanna nó an comhéadan úsáideora céanna ar fáil do gach úsáideoir, ar dearadh nó comhéadan é nach raibh chomh maith céanna ach a bhí inrochtana.

Is iad seo a leanas roinnt de chumais an choimhéadáin:

  1. Láimhseáil cló - is féidir le húsáideoirí an chlómhéid a mhéadú agus a laghdú, fine clófhoirne (cineál) a athrú, spásáil, ailíniú, airde líne, agus rudaí eile a choigeartú.
  2. Láimhseáil dathanna - is féidir le húsáideoirí próifílí éagsúla codarsnachta datha a roghnú, amhail geal, dorcha, inbhéartaithe agus monacrómach. Ina theannta sin, is féidir le húsáideoirí scéimeanna datha le haghaidh teideal, téacsanna agus cúlraí a mhalartú, le breis agus 7 rogha dathúcháin éagsúla.
  3. Beochaintí – is féidir le húsáideoirí titimeacha stop a chur le gach beochan reatha ar an toirt ach cliceáil ar chnaipe. Folaíonn na beochaintí sin físeáin, GIFanna agus trasnálacha gealánacha CSS.
  4. Aibhsiú ábhair – is féidir le húsáideoirí gnéithe tábhachtacha amhail naisc agus teidil a aibhsiú. Ina theannta sin, is féidir leo gnéithe fócasaithe nó foluaineacha a aibhsiú go sonrach.
  5. Balbhú fuaime – i gcás úsáideoirí a bhfuil gléasanna éisteachta acu, d’fhéadfadh go dtiocfadh tinneas cinn orthu nó go mbeadh fadhbanna eile acu de thoradh seinm uathoibríoch fuaime. Leis an rogha seo, is féidir le húsáideoirí an suíomh gréasáin iomlán a bhalbhú láithreach.
  6. Neamhoird cognaíocha - úsáidimid inneall cuardaigh atá nasctha le Wikipedia agus Wiktionary sa chaoi go mbeidh sé de chumas ar dhaoine a bhfuil neamhoird cognaíocha orthu brí a bhaint as frásaí, inisealacha, béarlagair, agus eile.
  7. Roghanna eile - tugaimid an rogha d’úsáideoirí dath agus méid an chúrsóra a athrú, mód priontála a úsáid, méarchlár fíorúil a chumasú agus go leor rudaí eile.

De bhreis air sin, baineann an suíomh úsáid as feidhmchlár IS-bhunaithe a bhíonn ar siúl sa chúlra agus a bharrfheabhsaíonn a leibhéal inrochtaineachta gach 24 huaire an chloig. Le hinneall IS, réitítear saincheisteanna HTML an tsuímh gréasáin, mar aon le feidhmiúlacht agus iompar, maidir le húsáid léitheoirí scáileáin ag daoine dalla, agus maidir le húsáid méarchlár ag daoine lagluaileacha chun suíomhanna gréasáin a oibriú.

Bainimid úsáid as SI do na comhpháirteanna inrochtaineachta seo a leanas:

  1. Barrfheabhsú léitheoirí scáileáin: Bíonn IS ar siúl sa chúlra agus foghlaimíonn sé comhpháirteanna an tsuímh gréasáin ó bhun go barr agus, ar an gcaoi sin, cuireann sé sonraí suntasacha ar fáil do léitheoirí scáileáin ag baint úsáid as sraith tréithe ARIA. Mar shampla, cuirfidh sé lipéid chruinne foirme ar fáil; tuairiscí le haghaidh deilbhíní inghníomhaithe (deilbhíní meán sóisialta, deilbhíní cuardaigh, deilbhíní tralaí, etc.); treoir bhailíochtaithe le haghaidh ionchur foirme; róil eiliminte amhail cnaipí, biachláir, dialóga módúla (míreanna aníos), agus cinn eile. Ina theannta sin, déanann IS scanadh ar íomhánna uile an tsuímh gréasáin agus tugann sé cur síos cruinn suntasach ar fáil bunaithe ar aithint na híomhá-oibiachta mar chlib ALT (téacs malartach). Déanfaidh sé téacsanna atá leabaithe san íomhá a asbhaint freisin, ag baint úsáid as teicneolaíocht OCR (aitheantas carachtair optúil). Chun coigeartuithe léitheora scáileáin a chur ar siúl am ar bith, cliceáil ar an teaglaim mhéarchláir Alt+1. Gheobhaidh úsáideoirí léitheoirí scáileáin fógraí uathoibríocha freisin chun coigeartuithe a chur ar siúl a luaithe a rachaidh siad chuig an suíomh gréasáin.
  2. Nascleanúint mhéarchláir a bharrfheabhsú: Le IS, coigeartaítear HTML an tsuímh gréasáin, agus cuirtear iompraíochtaí éagsúla leis ag baint úsáid as cód JavaScript chun go mbeidh an suíomh gréasáin inoibrithe go hiomlán le méarchlár. Áiríonn sé seo an cumas chun an suíomh iomlán a nascleanúint ag baint úsáid as na heochracha TAB agus SHIFT+TAB, roghchláir anuas a oibriú leis na saigheadeochracha, iad a dhúnadh le ESC, agus cnaipí truicir agus naisc a oibriú ag baint úsáid as an eochair Enter, nascleanúint a dhéanamh idir eilimintí raidió agus ticbhosca ag baint úsáid as na saigheadeochracha, iad a líonadh isteach leis an Spacebar nó leis an eochair Enter, agus níos mó. Lena chois sin, is féidir le húsáideoirí méarchláir teacht ar roghchláir mhear-nascleanúna agus scipeála ábhair (ar fáil am ar bith ach cliceáil ar Alt+1). Déileálfaidh IS freisin le míreanna spreagtha aníos trí fhócas an mhéarchláir a bhogadh ina dtreo a luaithe a thaispeánfar iad, agus ní ligfidh sé don fhócas imeacht lasmuigh de, don treoshuíomh is fearr.
Comhoiriúnacht Brabhsálaí agus Teicneolaíochta Cúnta:
Tá sé mar aidhm againn tacú leis an raon is leithne brabhsálaithe agus teicneolaíochtaí cúnta agus is féidir, ionas gur féidir lenár n-úsáideoirí na huirlisí is oiriúnaí dóibh a roghnú, lena laghad teorainneacha agus is féidir. Mar sin, d’oibríomar go dian dícheallach le bheith in ann tacú leis na córais nua-aimseartha, mhóra agus mhóréilimh go léir a chuimsíonn breis agus 95% de sciar an mhargaidh úsáideoirí agus lena n-áirítear: Google Chrome, Mozilla Firefox, Apple Safari, Opera, Microsoft Edge agus I.E 11 nó níos airde, JAWS agus NVDA (léitheoirí scáileáin), d’úsáideoirí Windows agus MAC araon. Tá an suíomh gréasáin seo inoibrithe ag baint úsáid as córais agus ardáin eile freisin, cé nach bhfuilimid ag tacú leo go hoifigiúil agus molaimid d'úsáideoirí úsáid a bhaint as an méid thuasluaite.