0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

TÉARMAÍ AGUS COINNÍOLLACHA

Fáilte chuig téarmaí agus coinníollacha úsáide (na “Téarmaí”) an tsuímh gréasáin (an “Suíomh Gréasáin”). Baineann na Téarmaí seo leis an úsáid a bhaineann tú as an Suíomh Gréasáin seo nó leis an rochtain a dhéanann tú air, agus leagtar amach iontu, na coinníollacha faoina gcomhaontaíonn Banc Ceannais na hÉireann (”an Banc Ceannais”, “muid”, “sinn”, “ár”) ár mboinn chomórtha agus foirne bonn (”Boinn”) a dhíol leat.

Baineann na Téarmaí seo freisin le Boinn a cheannach uainn agus úsáid á baint as aon mhodh díola.

Tríd an Suíomh Gréasáin seo a úsáid, comhaontaíonn tú bheith faoi cheangal ag na Téarmaí.  Mura gcomhaontaíonn tú bheith faoi cheangal ag na Téarmaí, níor cheart duit an Suíomh Gréasáin a úsáid ná Boinn a cheannach. Úsáidtear na sainmhínithe seo a leanas sna Téarmaí agus ba cheart duit eolas a chur orthu:

Ciallaíonn “Custaiméir” duine nádúrtha a cheannaíonn Boinn chun críocha atá taobh amuigh de thrádáil, de ghnó, de cheird nó de ghairm an duine sin.

Ciallaíonn “Conradh” an conradh eadrainn chun Boinn a dhíol agus a cheannach i gcomhréir leis na Téarmaí.

Ciallaíonn “Teagmhas Force Majeure teagmhas nó cúinse nach bhfuil aon neart réasúnach againn air.

Déan Teagmháil Linn
Is comhlacht corpraithe é an Banc Ceannais a bhíonn á bhainistiú agus á rialú ag Coimisiún an Bhainc Ceannais de bhun alt 5 d’Acht an Bhainc Cheannais 1942, arna ionadú le Cuid I de Sceideal I a ghabhann leis an Acht um Athchóiriú an Bhainc Ceannais 2010. Is é seo a leanas seoladh an Bhainc Ceannais: Banc Ceannais na hÉireann, Bosca PO 61, Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath, D16 K280.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar na bealaí seo a leanas:

Leis an ríomhphost:


Leis an bpost: Díolacháin Bonn Inbhailithe, Banc Ceannais na hÉireann, an Lárionad Airgeadra,  Bosca PO 61, Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath, D16 K280
Más gá dúinn teagmháil a dhéanamh leat, déanfaimid amhlaidh trí úsaid a bhaint as na sonraí teagmhála a bheidh tugtha agat le linn duit na hearraí a ordú.

An Próiseas Ordaithe
Is féidir leat Boinn a ordú ar an Suíomh Gréasain.

Orduithe ar an Suíomh Gréasáin: Nuair a ordóidh tú Boinn ar an Suíomh Gréasáin, gheobhaidh tú ríomhphost uainn ina ndeimhneofar go bhfuarthas an t-ordú (”Deimhniú Ordaithe”). Ní chiallaíonn sé seo gur glacadh leis an ordú. Is ionann an t-ordú uait agus tairiscint chun Boinn a cheannach uainn. Beidh gach ordú faoi réir a ghlactha againn.Coimeádaimid an ceart chun diúltú na Boinn a d’ordaigh tú a dhíol leat gan aon chúis a thabhairt agus gan aon dliteanas duitse. Mura mbeimid ábalta glacadh le d’ordú ar chúis ar bith, cuirfimid é sin in iúl duit agus ní ghearrfar airgead ort as na Boinn.

Taobh amuigh de sin, ba cheart go bhfaigheá d’ordú i gcomhréir leis na coinníollacha seachadta atá leagtha amach thíos.
Níl oibleagáid orainn freastal ar aon ordú go dtí go mbeidh íocaíocht faighte againn.
Ní thugann an Conradh teideal chun orduithe ina dhiaidh sin don Chustaiméir.

Na Boinn
Is chun críocha léiriúcháin amháin atá na híomhánna de na Boinn a úsáidtear ar an Suíomh Gréasáin. Cé go bhfuil gach iarracht déanta againn dathanna na mBonn a léiriú go beacht, ní féidir linn gealltanas a thabhairt go bhfuil siad á léiriú go beacht ar do scáileán. Dá réir sin, nuair a dhéanfar na Boinn a sheachadadh, seans go mbeidh siad beagáinín éagsúil leis an gcaoi inar léiríodh ar an Suíomh Gréasáin iad. Ní ghlacaimid aon fhreagracht as aon éagsúlacht den sórt sin.  

Seans go mbeidh pacáistiú na mBonn éagsúil leis an gcaoi ina léirítear ar an Suíomh Gréasáin é.

Praghas
Beidh praghsanna na mBonn mar a fhógraítear ar an Suíomh Gréasain iad faoi réir athrú ó am go ham.

Cé go nglacaimid gach cúram réasúnach chun a áirithiú go bhfuil praghsanna fógartha na mBonn i gceart, tá an fhéidearthacht ann, d’ainneoin ár gcuid iarrachtaí, go luafar an praghas mícheart le roinnt de na Boinn agus/nó go mbeidh na táillí seachadta a fhógrófar mícheart. I gcás inar lú praghas ceart/táillí cearta seachadta na mBonn ar dháta an ordaithe ná an praghas/na táillí seachadta a bheidh luaite againn ar dháta an ordaithe, gearrfaimid an méid is ísle ort. I gcás inar mó praghas ceart/táillí cearta seachadta na mBonn ar dháta an ordaithe ná an praghas/táillí seachadta a bheidh luaite againn ar dháta an ordaithe, rachaimid i dteagmháil leat chun a dheimhniú cibé acu an dteastaíonn uait leanúint leis an ordú.

I gcás orduithe a dhéantar ar an Suíomh Gréasáin, déanfar praghas iomlán na mBonn (lena n-áirítear CBL agus táillí seachadta) a léiriú ag an tseiceáil amach sula n-ordóidh tú na Boinn.  Boinn a ordaítear ar an Suíomh Gréasáin, is féidir leat íoc astu le cárta creidmheasa nó le cárta dochair agus déanfar an t-airgead a bhaint láithreach. Beidh éifeacht leis an gConradh ag an bpointe sin.

Infhaighteacht/Soláthar agus Seachadadh
Seans go n-athróidh infhaighteacht na mbonn mar atá fógartha ar an Suíomh Gréasáin ó am go ham.

Cuirfear na modhanna seachadta in iúl ar an Suíomh Gréasáin ag tús na próiseála um sheiceáil amach.  Iarrtar ar chustaiméirí breathnú ar na coinníollacha seachadta ag https://www.collectorcoins.ie/ga/delivery/.

Déanfaimid ár ndícheall na Boinn a sheachadadh laistigh de 30 lá tar éis an dáta a bheidh an Conradh curtha i gcrích. Má bhíonn moill os cionn 30 lá ar an seachadadh, tá an ceart agat teagmháil a dhéanamh linn chun a iarraidh go ndéanfar na Boinn a sheachadadh laistigh de thréimhse bhreise ama.  Mura ndéantar na Boinn a sheachadadh laistigh den tréimhse bhreise sin, tá an ceart agat an Conradh a fhoirceannadh agus diúltú glacadh leis na Boinn. Má chinneann tú nach dteastaíonn uait glacadh leis na Boinn, aisíocfaimid aon airgead a bheidh íoctha agat, lena n-áirítear costais seachadta gan aon mhoill mhíchuí. Ar a shon sin, ní bheimid freagrach as aon chaillteanais, aon chostais, aon damáistí nó aon mhuirir eile a bhainfidh duit i gcás ina mbeidh moill ar an seachadadh nó mura ndéanfar na Boinn a sheachadadh. Má mhainníonn tú na Boinn a chur ar ais chugainn laistigh d’am réasúnach, measfar gur ghlac tú leis na Boinn agus déanfar praghas an ordaithe mar a bhí leagtha amach ar an Suíomh Gréasáin tráth an ordaithe a ghearradh ort. Ní dhéanfaidh sé seo difear do do chearta reachtúla.

Priacal agus teideal
Is ar do phriacal a bheidh aon Bhoinn a d’ordaigh tú ón am a dhéanfar iad a sheachadadh. Ní dhéanfar úinéireacht na mBonn a chur ar aghaidh chugat go dtí go mbeidh íocaíocht iomlán faighte againn i leith an ordaithe, lena n-áirítear táillí seachadta.

Tréimhse mharana: do cheart chun cealaithe
Le haghaidh orduithe arna ndéanamh ar an Suíomh Gréasáin, tá ceart reachtúil agat faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Faisnéis do
Thomhaltóirí, Cealú agus Cearta Eile) 2013 chun an conradh a chealú agus na Boinn a chur ar ais chugainn laistigh de 14 lá ón tráth a gheobhaidh tú iad gan cúis a thabhairt.

Rachaidh an tréimhse chealaithe in éag tar éis 14 lá ón lá a ghlacfaidh tú seilbh fhisiciúil ar na Boinn.

Chun do cheart cealúcháin a fheidhmiú, ní mór duit teagmháil a dhéanamh linn ar cheann de na modhanna thuas agus ráiteas aonchiallach a thabhairt dúinn go bhfuil sé i gceist agat an Conradh a chealú.

Má chinneann tú an Conradh a chealú, aisíocfaimid aon íocaíochtaí a fuaireamar uait, lena n-áirítear na costais seachadta (cé is moite de na costais fhorlíontacha má roghnaigh tú cineál seachadta eile seachas an seachadadh caighdeánach a thairgimid) gan aon mhoill mhíchuí agus, in aon chás, tráth nach déanaí na 14 lá ón lá a chuirfidh tú in iúl dúinn go bhfuil cinneadh déanta agat an Conradh seo a chealú. Ar a shon sin, coimeádaimid an ceart chun an aisíoc a choinneáil siar go dtí go mbeidh na Boinn faighte ar ais againn ach ní dhéanfar aon airgead a aisíoc i leith Bonn a chuirfear ar ais chugainn i riocht damáistithe.

Déanfar an aisíocaíocht leat ar an modh céanna a d’úsáid tú don idirbheart tosaigh, in aon chás, ní thabhóidh tú aon táillí de thoradh na haisíocaíochta; ar a shon sin, beidh ort an costas díreach a bhaineann leis na Boinn a chur ar ais chugainn a iompar.

Beartas Ginearálta Aisíoca agus Aisdúichithe
Beidh an ceart agat aisíoc nó earra ionaid a fháil más rud é (i) nach mbeidh na Boinn ag teacht, i dtéarmaí ábhartha, leis an gcur síos a bhí orthu nó (ii) nach mbeidh na Boinn i riocht díola, ach amháin má tarraingíodh d’aird go sonrach ar na lochtanna sula ndearnadh an Conradh nó má scrúdaigh tú na Boinn sula ndearnadh an Conradh.

Ní bheidh an ceart agat aisíoc nó earra ionaid a fháil más rud é (i) gur bhrís tú na Boinn nó go ndearna tú damáiste dóibh nó (ii) gur athraigh tú d’intinn tar éis duit na Boinn a fháil agus go bhfuil níos mó ná 14 lá caite ó fuair tú na Boinn.
Más rud é gur osclaíodh an capsúl nó an spuaic ina raibh an Bonn, ní féidir an Bonn a chur ar ais chugainn ná ní dhéanfar an t-airgead a aisíoc.

Má bhíonn an ceart agat aisíoc nó earra ionaid a fháil (i) aisíocfaimid na híocaíochtaí go léir a fuaireamar uait, lena n-áirítear na costais seachadta (cé is moite de na costais fhorlíontacha má roghnaigh tú cineál seachadta eile seachas an seachadadh caighdeánach a thairgimid) gan aon mhoill mhíchuí nó (i) socróimid go seolfar earra ionaid chugat. Déan teagmháil linn, le do thoil, chun aisíoc nó earra ionaid a iarraidh.

Dliteanas agus Séanadh
Gach bonn a dhíoltar, gach tuairisc ar tháirge, gach faisnéis nó gach ábhar a phostáiltear ar an Suíomh Gréasáin seo, beidh siad “mar atá” gan barántaí sainráite, intuigthe nó eile.

Barántaímid go bhfuil aon Bhoinn a cheannaítear uainn de cháilíocht shásúil agus go mbeidh siad oiriúnach go réasúnach chun na gcríoch go léir dá soláthraítear iad. Go feadh an méid is incheadaithe de réir dlí, séanaimid gach barántas eile de chineál ar bith maidir leis na Boinn, cibé acu is barántas sainráite nó intuigthe é.
 
Tá ár ndliteanas maidir le haon Bhoinn a cheannaítear uainn teoranta go docht do phraghas ceannaigh an Bhoinn no na mBonn sin. Ní dhéanann sé seo difear do do chearta reachtúla nó do do chearta cealaithe.

Gearáin
Má tá gearán agat, déan teagmháil dhíreach linn agus déanfaimid ár ndícheall do ghearán a réiteach. Mura mbeidh tú sásta leis an bhfreagra a gheobhaidh tú, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an  gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí ag an seoladh seo a leanas: http://ccpc.ie/. Tá an ceart agat féachaint le haon díospóidí a réiteach trí chlár réitigh díospóidí ar líne (ODR) arna oibriú ag an gCoimisiún Eorpach. Tá faisnéis maidir le ODR ar fáil anseo: https://webgate.ec.europa.eu/odr/.

Ginearálta
Tá an ceart againn na Téarmaí seo a athbhreithniú agus a leasú ó am go ham trí Théarmaí athbhreithnithe a phostáil ar an Suíomh Gréasáin.

Ní bheimid faoi dhliteanas maidir le haon mhainneachtain chun aon cheann dár n-oibleagáidí faoi na Téarmaí seo a chomhlíonadh, ar mainneachtain í a éiríonn as imthosca nach bhfuil smacht réasúnach againn orthu, lena n-áirítear aon teagmhas Force Majeure, ach gan bheith teoranta do na teagmhais sin.

Aon mhainneachtain againn ceart nó foráil de na Téarmaí a fheidhmiú nó a fhorfheidhmiú, ní tarscaoileadh an chearta nó na forála sin í mura n-aithneoimid agus mura gcomhaontóimid amhlaidh i scríbhinn.

Má chomhaontaíonn tú leis na Téarmaí seo, measfar gur léigh agus gur thuig tú na beartais seo a leanas a bhaineann le húsáid an tSuímh Gréasáin seo agat, agus gur chomhaontaigh tú leo: (i) Beartas Príobháideachais agus (ii) Ráiteas Fianáin.
Na Téarmaí seo agus aon ní a bhaineann le haon ordú a dhéantar ar an Suíomh Gréasáin, déanfar iad a fhorléiriú i gcomhréir le dlíthe na hÉireann agus comhaontaíonn tú bheith faoi réir dhlínse eisiach Chúirteanna na hÉireann i leith an chéanna.

Ábhar an tSuímh
Ní ceadmhach aon doiciméid nó íomhánna ar an suíomh seo a leasú, a athrú nó a mhodhnú ar aon bhealach. Ní ceadmhach aon doiciméid ar an suíomh seo a atáirgeadh gan toiliú ón mBanc Ceannais agus gan toiliú úinéir/sholáthraí na ndoiciméad lena mbaineann.

Comhaontaíonn úsáideoirí nach n-úsáidfidh siad an Suíomh Gréasáin chun aon cheann de na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • Pearsanú a dhéanamh ar aon duine nó eintiteas (lena n-áirítear oifigigh de chuid an Bhainc Ceannais, ach gan bheith teoranta dóibh) nó cleamhnacht le duine nó le heintiteas a lua go bréagach nó a mhífhaisnéisiú ar bhealach eile nó faisnéis bhréagach a thabhairt.
  • Gan aon suíomh gréasáin eile a nascadh leis an suíomh gréasáin seo gan toiliú i scríbhinn a fháil uainn roimh ré;
  • Aon fhógraíocht gan iarraidh, ábhar bolscaireachta, “dramhphost”, “turscar”, “litreacha slabhracha”, “scéimeanna pirimide”, nó aon fhoirm sirtheoireachta eile a uaslódáil, a phostáil nó a tharchur ar bhealach eile; agus
  • Aon ábhar eile ina mbíonn víris bogearra nó cód ríomhaire, comhaid nó cláir eile a uaslódáil, a phostáil nó a tharchur ar bhealach eile, ar víris, cód, comhaid nó cláir iad atá ceaptha feidhmiúlacht aon bhogearra nó crua-earra ríomhaire nó trealaimh theileachumarsáide a idirbhriseadh, a scriosadh nó a theorannú.

Cóipcheart
Tá an t-ábhar a léirítear ar an suíomh seo faoi réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000.  Ní ceadmhach an t-ábhar a íoslódáil chuig comhad nó printéir ach amháin chun úsáide pearsanta. Nuair a bheidh an t-ábhar seo á eisiúint chuig daoine eile, ní mór an fhoinse, lena n-áirítear an URL agus stádas cóipchirt a aithint.
An cead chun ábhar cóipchirt Bhanc Ceannais na hÉireann a atáirgeadh, ní bhaineann sé le haon ábhar ar an suíomh seo ar maoin de chuid tríú páirtí é. Ní mór údarú chun ábhar den sórt sin a atáirgeadh a fháil ó shealbhóirí an chóipchirt lena mbaineann.

Cearta Maoine Intleachtúla
Is sonraí poiblí agus faisnéis phoiblí iad na sonraí agus an fhaisnéis atá léirithe ar an Suíomh Gréasáin. Tá cead iad a atáirgeadh ar choinníoll go n-aithneofar an fhoinse agus go bhfaighfear cead i scríbhinn roimh ré ó Bhanc Ceannais na hÉireann agus ó úinéir/sholáthraí na faisnéise. Ba cheart d’úsáideoirí dul i dteagmháil le Banc Ceannais na hÉireann chun sonraí a fháil maidir leis an gceadúnas iomchuí atá ag teastáil chun fógraí atá foilsithe ar an Suíomh Gréasáin a úsáid.

Níl cead ag úsáideoirí faisnéis atá ar an Suíomh Gréasáin a úsáid (lena n-áirítear faisnéis a atáirgeadh nó a scríobadh lena cur ar aghaidh chuig tríú páirtithe) chun críocha tráchtála.

Ní ghlacaimid aon fhreagracht ná ní bheimid faoi dhliteanas, i gconradh nó i dtort, i leith aon chaillteanais dhírigh, theagmhasaigh, iarmhartaigh, neamhdhírigh, nó i leith aon chaillteanas, aon chostas, aon chaiteachas nó damáiste de chineál ar bith a eascróidh as úsáid an tSuíomh Gréasáin, lena n-áirítear:

  • do-úsáidteacht an tSuíomh Gréasáin;
  • cruinneas, oiriúnacht, agus iomláine na faisnéise agus na sonraí atá le fáil ar an Suíomh Gréasáin;
  • aon earráidí i dtraschur nó in íoslódáil doiciméad ón Suíomh Gréasáin;
  • sárú ar na Coinníollacha Úsáide ag úsáideoir;
  • naisc sheachtracha URL;
  • cailliúint sonraí nó faisnéise;
  • neamhfheidhmiú nó mífheidhmiú an tSuímh Gréasáin nó saincheisteanna teicniúla.

Tá gach cúram réasúnach glactha againn chun faisnéis agus ábhar a thiomsú ar an Suíomh Gréasáin seo.

Bunaítear an Suíomh Gréasáin seo in Éirinn i gcomhréir le dlíthe na hÉireann agus beidh sé á rialú ag dlíthe na tíre sin. Nuair a bhaineann tú úsáid as an suíomh gréasáin, glacann tú leis go mbíonn úsáid an tsuímh gréasáin agus úsáid aon fhaisnéise ar an suíomh gréasáin á rialú ag dlíthe na hÉireann agus má éiríonn aon éileamh nó díospóid as an úsáid sin, aontaíonn tú go mbeidh dlínse eisiach ag Cúirteanna na hÉireann ar na héilimh nó ar na díospóidí sin go léir.

Ráiteas Príobháideachais
Aon sonraí a chuirfidh tú ar fáil dúinn, coimeádfar faoi rún iad agus bainfimid úsáid astu chun d’ordú a phróiseáil. Ó am go ham, cuirfimid faisnéis chugat maidir le táirgí agus seirbhísí eile ar dóigh spéis a bheith agat iontu. Más mian leat faisnéis a fháil maidir le táirgí agus seirbhísí ar dóigh spéis a bheith agat iontu, is féidir leat clárú dár nuachtlitir ríomhphoist. Tá na sonraí ar fáil anseo.

Aon fhaisnéis inaitheanta phearsanta a bhaileoimid fút, déileálfaimid léi i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme maidir le cosaint sonraí.

Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachais i leith an tSuímh Gréasáin seo.  Nílimid freagrach as ábhar nó cleachtais phríobháideachais aon suíomhanna gréasáin eile. Tá nasc ar bith a dhéantar le suíomhanna gréasáin seachtracha le haithint go soiléir mar naisc sheachtracha.

I gcás brabhsáil ghinearálta gréasáin, ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta dúinn, cé go mbíonn faisnéis áirithe staidrimh ar fáil dúinn ónár soláthraí seirbhísí Idirlín. Féadfar na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh i bhfaisnéis den sórt sin:

  • Seoladh loighciúil an fhreastalaí atá á úsáid agat
  • Ainm fearainn barrleibhéil óna mbíonn rochtain agat ar an idirlíon (mar shampla .ie, .com, .org etc.)
  • An cineál brabhsálaí atá á úsáid agat
  • An dáta agus an t-am a dhéanfaidh tú rochtain ar an suíomh
  • An seoladh Idirlín a úsáidtear chun nasc a dhéanamh lenár suíomh

Baintear úsáid as cuid den fhaisnéis thuas chun staidreamh achomair a chruthú lenar féidir linn líon na gcuairteoirí ar ár suíomh a mheas, na leathanaigh is minice a ndéantar rochtain orthu a aithint agus chun cuidiú linn ár suíomh a dhéanamh níos soláimhsithe.

Níl tarchur ar bith sonraí thar an Idirlíon inráthaithe mar tharchur atá go hiomlán slán. Cé go ndéanaimid ár seacht ndícheall faisnéis den sórt sin a chosaint, ní féidir linn slándáil aon fhaisnéise a tharchuireann tú chugainn a áirithiú ná ní bharántaímid í. Dá réir sin, is ar do phriacal féin a tharchuirfidh tú aon fhaisnéis chugainn. Dá ainneoin sin, a luaithe a gheobhaimid tarchur faisnéise uait, glacfaimid gach beart réasúnach chun slándáil na faisnéise sin a chaomhnú.

Féadfaimid do chéannacht a nochtadh do thríú páirtithe ábhartha chun cuidiú le haon imscrúdú.

Barántaíonn tú go bhfuil an fhaisnéis a chuireann tú isteach ar an suíomh seo cruinn agus slánaíonn tú sinn i leith aon damáiste nó aon chostas dlíthiúil a eascróidh as aon ghníomh a ghlacfar inár n-aghaidh i leith an ábhair a phostálann tú.