0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Stair

Tá boinn phrofa chomórtha á n-eisiúint ag Éirinn ó bhunú Shaorstát Éireann i leith. Eisíodh an chéad fhoireann phrofa Éireannach in 1928 agus cuimsíodh inti, i bprofa ardchaighdeáin, na boinn bunaidh go léir arna gcur i gcúrsaíocht. Eisíodh foireann arna cur i gcúrsaíocht in 1971 chun deachúlú a chomóradh. D’eisigh Banc Ceannais na hÉireann foirne bonn eile in 1966, 1978, 1982, 1986, 1996, 1998 agus in 2000, de bhoinn réamh-euro arna gcur i gcúrsaíocht.

Chomh maith leis sin, d’eisigh Banc Ceannais na hÉireann roinnt bonn comórtha réamh-euro arna gcur i gcúrsaíocht:

  • In 1966, eisíodh bonn speisialta 10 scilling, a raibh íomhá de Chú Chulainn ar a chúl agus íomhá de Phádraig Mac Piarais ar a aghaidh, do chomóradh 50 bliain Éirí Amach na Cásca;
  • In 1988, eisíodh bonn 50p chun comóradh a dhéanamh ar Mhíle Bliain Bhaile Átha Cliath. Bhí dearadh an bhoinn bunaithe ar armas Chathair Bhaile Átha Cliath;
  • In 2000, eisíodh £1 speisialta ar a léiríodh Bad Bhrú Íochtair chun an Míle Bliain a chomóradh.
1966 bonn 10 scilling 1988 bonn 50p 2000 bonn £1

 







Ar na boinn inbhailithe shuntasacha réamh-euro eile arna n-eisiúint ag Banc Ceannais na hÉireann, áirítear:

  • 5 bhonn Airgid ECU, 10 mbonn Airgid ECU agus 50 bonn Óir ECU arna n-eisiúint in 1990 mar chomóradh ar Uachtaránacht na hÉireann ar an gComphobal Eorpach, ar lena linn a rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le lánpháirtíocht Eorpach agus i dtreo an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta.
  • Eisíodh bonn comórtha speisialta £1 in 1997 chun comóradh a dhéanamh ar 50 bliain de na Náisiúin Aontaithe (1945-1995).