0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

CEISTEANNA COITIANTA

Earraí a cheannach

An féidir liom na boinn a cheannach i bpearsa áit ar bith?
Ní féidir boinn inbhailithe nó foirne bonn inbhailithe dár gcuid a cheannach ach amháin ar líne.

Conas a bheidh a fhios agam cé na boinn atá ar díol?
Tá na boinn go léir atá ar díol le feiceáil ar ár suíomh gréasáin.

Conas a bheidh a fhios agam nuair a bheidh boinn nua ar díol?
Is féidir leat clárú dár nuachtlitir ar ár suíomh gréasáin agus cuirfimid in iúl duit nuair a bheidh boinn nua ar fáil.

An féidir liom boinn nó foirne bonn réamh-euro a fháil ó Bhanc Ceannais na hÉireann?
Ní féidir. Ní dhíolann an Banc Ceannais ach foirne comórtha euro leis an bpobal.

An féidir liom rollaí nó málaí de bhoinn nár cuireadh i gcúrsaíocht a cheannach ón mBanc Ceannais?
Ní féidir. Ní eisíonn an Banc Ceannais rollaí nó málaí de bhoinn nár cuireadh i gcúrsaíocht don phobal.

An féidir liom uimhir deimhnithe shonrach a iarraidh?
Ní féidir. Leithdháiltear na foirne bonn go randamach.

Cad iad na himpleachtaí díolacháin don Bhreatain Mhór ón 1 Eanáir 2021?
De thoradh athruithe a bhaineann le Brexit, níl an Banc in ann díolacháin a dhéanamh faoi láthair le tomhaltóirí sa Bhreatain Mhór (Sasana, Albain agus an Bhreatain Bheag). Tá tionchar aige seo freisin ar mhórdhíoltóirí cláraithe na Breataine Móire.

Roghanna Seachadta

Tá an bonn a d’ordaigh mé ag teastáil uaim go práinneach. An féidir libh an seachadadh a luathú?
Cé go ndéanaimid ár ndícheall d’ordú a sheoladh a luaithe is féidir, tabhair do d’aire go bhféadfaidh go dtógfaidh sé suas le 30 lá lena sheachadadh. Faoi ghnáthdhálaí oibríochta, ba cheart go ndéanfaí d’ordú a sheachadadh laistigh de 7 lá oibre.

Conas a dhéantar boinn a sheachadadh agus cá mhéad a chosnaíonn sé?
Seoltar na boinn go léir leis an bpost cláraithe. Tá na táillí poist ar fáil anseo.
 

Luach

An féidir leis an mBanc Ceannais luach mo chuid bonn a mheas?
Faraor, ní féidir leis an mBanc Ceannais luach bonn a mheas don phobal.

An féidir le haon ghnóthaí eile boinn inbhailithe a tháirgeadh agus a dhíol in Éirinn?
Ní féidir. Is ag an mBanc Ceannais atá an t-aon údarás as boinn Éireannacha a tháirgeadh. Ar a shon sin, is féidir le heagraíochtaí eile meadáillí agus airíochtaí inbhailithe a bhualadh agus a dhíol.

Cad é an difríocht idir bonn inbhailithe agus meadáille/airíocht bailitheora?
Tá aghaidhluach ainmniúil ag boinn inbhailithe agus, dá bhrí sin, is dlíthairiscint iad. Mar aon leis na boinn Éireannacha go léir, léirítear íomhá den chruit Ghaelach, bliain an eisithe agus an focal ‘Éire’ ar aghaidh an bhoinn.

Más dlíthairiscint iad boinn inbhailithe Éireannacha, an féidir liom iad a úsáid chun earraí agus seirbhísí a cheannach?
Níl oibleagáid ar dhaoine aonair, ar ghnóthaí nó ar bhainc thráchtála glacadh le boinn inbhailithe mar íocaíocht ar earraí nó ar sheirbhísí.  Féadfar aghaidhluach na mbonn a fháil ón mBanc Ceannais ach seans gur mó is fiú a luach mar bhoinn inbhailithe ná a luach ainmniúil.

An bhfuil boinn inbhailithe Éireannacha ina ndlíthairiscint i dtíortha AEA eile?
Níl. Níl boinn inbhailithe Éireannacha ina ndlíthairiscint ach amháin in Éirinn.

An bhfreagraíonn aghaidhluach boinn inbhailithe do chion miotail an bhoinn?
Ní fhreagraíonn. Tá aghaidhluach bonn inbhailithe ainmniúil. Go traidisiúnta, bíonn aghaidhluach €15 ag boinn inbhailithe Éireannacha phrofa airgid.  Tá aghaidhluach €10 ag boinn atá mar chuid de Chlár Eorpach Bonn Airgid (’Europa Star’).

An féidir liom boinn inbhailithe a thaisceadh i mo chuntas bainc?
Ní féidir. Ní ghlacann bainc thráchtála le lóisteálacha de bhoinn inbhailithe.

An féidir liom bonn inbhailithe a mhalartú ar a aghaidhluach?
Is féidir. Íocfaidh an Banc Ceannais aghaidhluach an bhoinn inbhailithe má iarrtar sin air.

Cén cion airgid agus óir atá i mboinn inbhailithe Éireannacha?
Tá .925 airgead steirling i ngach bonn profa airgid Éireannach.
Tá .999 ór fíneáilte i ngach bonn profa óir Éireannach.

Tá carn bhoinn chúrsaíochta IR£ agam. An bhfuil siad luachmhar?
Ní dócha go mbeadh spéis ag bailitheoirí i mboinn chúrsaíochta IR£. Ní hamháin go raibh na milliúin bonn díobh sin i gcúrsaíocht ach chomh maith leis sin, is fearr le bailitheoirí boinn phrofa, de ghnáth, nó boinn nár cuireadh i gcúrsaíocht. Má shíleann tú go bhfuil do chuid bonn luachmhar, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le margaire ghairmiúil bonn chun luacháil a fháil ar na boinn sin.
Chun do chuid bonn a mhalartú ar a aghaidhluach, lean na treoracha atá le fáil ar: https://www.centralbank.ie/consumer-hub/notes-and-coins/exchange-of-notes-and-coins

Dearadh 

Cad é an Clár Eorpach Bonn Airgid (’Europa Star’)?
Is clár saorálach bonn inbhailithe de chuid AEA é an Clár Eorpach Bonn Airgid a bunaíodh in 2004. Faoin gclár seo, eisítear boinn chomórtha gach bliain bunaithe ar théamaí comhpháirteacha. Bíonn siombal Europa Star ar gach ceann de na boinn sa chlár seo. ‘Aoiseanna na hEorpa’ is ea téama an chláir ó 2016 go dtí 2020. Ar na tíortha eile a ghlacann páirt sa chlár seo, áirítear an Fhrainc, an Spáinn, an Phortaingéil agus an Fhionlainn.

Conas is féidir liom dearadh a chur isteach do bhonn inbhailithe Éireannach?
Reáchtálaimid comórtais dearaidh ó am go chéile. Más spéis leat bonn a dhearadh dúinn, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar coindesign@centralbank.ie. Ní glacaimid le dearthaí bonn gan iarraidh.