Bonn Profa Airgid €10 (Eileen Gray) 2016
- An chéad bhonn de chlár bonn airgid Europa Star lena gcomórtar ‘Aoiseanna na hEorpa’.
- An chéad bhonn inbhailithe de chuid Bhanc Ceannais na hÉireann a dhéanann comóradh ar a bhfuil bainte amach ag bean Éireannach.
- Tá an bonn profa seo i mbosca taispeántais agus tá deimhniú barántúlachta ag gabháil leis.
- Tá an eisiúint teoranta do 6,000 bonn
Is é bonn profa airgid €10 2016 an chéad bhonn i gclár bonn airgid nua Europa Star a mhairfidh tréimhse cúig bliana agus a dhéanfaidh comóradh ar ‘Aoiseanna na hEorpa’. Téama na bliana 2016 is ea ‘An Eoraip Nua-Aoiseach sa 20ú hAois’ atá spreagtha ag dearaí ailtireachta mar atá léirithe ar an nóta bainc €500. Is é an bonn seo an chéad bhonn inbhailithe de chuid Bhanc Ceannais na hÉireann a dhéanann comóradh ar na héachtaí atá bainte amach ag bean Éireannach.
Rugadh Eileen Gray in Inis Córthaidh in 1878 ach chaith sí mórchuid a saoil sa Fhrainc. Ba mhórphearsa i ngluaiseacht an nua-dearaidh í agus bhain sí clú amach ar dtús as a cuid oibre le laicir. I measc na mórshaothar níos deireanaí dá cuid, tá an teach mór nua-aimseartha ‘E-1027’, an ‘tábla E-1027’ a théann leis, agus a cathaoir uilleach ‘Fauteuil aux dragons’ a díoladh ar ceant in 2009 ar €22m. Moladh dearaí Gray go minic as a bhfeidhmiúlacht chomh maith lena bhfoirm aeistéitiúil. Bhí Gray fós ina beatha nuair a cuireadh spéis athuair ina cuid saothar sna 1970idí agus is íocón den nua-dearadh é a Scáthlán Brící clúiteach.
Ba í Sanra Deiana a dhear an bonn profa airgid seo. Deir Sandra gur “bhuail splanc inspioráide láithreach í chun bonn a dhearadh in ómós do bhanealaíontóir a bhí ag obair i dtréimhse ina raibh sé deacair rath a bhaint amach sa saol oibre, go háirithe sna healaíona [...] Theastaigh uaim béim a leagan ar an obair mhór a rinne Gray ar son “Stíl Idirnáisiúnta” na hEorpa san fhichiú haois [...] I measc a saothar iomadúil, sílim gur léiriú é “Scáthlán” ar a gairmréim iomlán ealaíne agus, dá bhrí sin, is léiriú den scoth é ar a cumas ealaíne’.
Beidh an bonn profa seo i mbosca taispeántais agus beidh deimhniú barántúlachta ag gabháil leis freisin. Tá an bonn 38.61mm ar trastomhas agus is é 28.28g a mheáchan. Rinneadh an bonn a bhualadh chuig caighdeán profa in airgead steirling .925 agus tá teorainn dhocht 6,000 bonn ag gabháil leis.
Uimhir an earra | IE2371 |
---|---|
Featured Product | No |
Cáilíocht | Proof |
Bliain | 2016 |
Miotal | Sterling Silver |
Coin Weight | 28.28 |
Denomination | 10 |
Diameter | 38.61 |
Fineness | 0.925 |
Teorainn Eisiúna | 6000 |
Designer Reverse | Sandra Deiana |