0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Bonn Profa Airgid €10 (Jack B Yeats) 2012

Bonn Profa Airgid €10 (Jack B Yeats) 2012
Méadaigh
  • Comóradh ar dhuine de na daoine is cáiliúla i stair Ealaín na hÉireann -  Jack B. Yeats
  • Bonn comórtha airgid €10 a bhfuil eisiúint theoranta ag gabháil leis
  • Cuid den Chlár Eorpach Airgid a cheiliúrann ealaíontóirí Eorpacha
Mionchuntas agus mionsonraíochtaí
Roghnaigh méid agus bliain ar dtús chun leanúint ar aghaidh.
€ 46.00
Logáil isteach
Cuntas

Bhí Jack B. Yeats, a rugadh in 1871, ar dhuine de na daoine ba cháiliúla i stair ealaíne na hÉireann. Mac le John Butler Yeats agus deartháir leis an bhfile mór le rá, William Butler Yeats, tá clú air as a léirithe maoithneacha ar an saol laethúil in Éirinn. Fuair sé oideachas príobháideach i Sligeach, Éire, agus d’fhreastail sé ar scoileanna ealaíne éagsúla i Londain. Bhain a luathshaothar le léaráidí do leabhair agus d’irisleabhair don chuid is mó ach tháinig athrú mór ar a stíl phéinteála níos déanaí. Agus é i mbun peintéireacht ola le stríoca scuaibe scaoilte, thosaigh sé ar phailéad níos ildaite a úsáid agus d’éirigh a shaothair níos scaoilte de réir a chéile agus é ag gluaiseacht i dtreo an eispriseanachais. Lena chuid léirithe ar rásaíocht capall, ar shorcais, hallaí ceoil agus ar thírdhreacha corraitheacha, tugtar léargas iontach ar shaol na hÉireann an tráth sin agus deimhnítear a cháil mar dhuine de na péintéirí ab fhearr in Éirinn riamh. Níos déanaí, bhí se ina ghobharnóir ar Ghailearaí Náisiúnta na hÉireann. Bhásaigh Yeats i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1957. Tá ardmheas i gcónaí ar a chuid saothar agus is é an chéad phéintéir as Éirinn é ar díoladh pictiúr leis ar £1 milliún.
 
Tá urraim á tabhairt ag Banc Ceannais na hÉireann do Jack B Yeats le heisiúint theoranta bhonn profa airgid comórtha €10. Tá an bonn profa airgid seo mar chuid den Chlár Eorpach Airgid, tionscnamh bliantúil ina n-eisíonn Ballstáit AE boinn dhlíthairgthe faoi théama coiteann i miotail lómhara mar cheiliúradh ar fhéiniúlacht Eorpach. 'Ealaíontóirí Eorpacha' is 

Sonraíochtaí
Uimhir an earra IE2025
Featured Product No
Cáilíocht Proof
Bliain 2012
Miotal Sterling Silver
Coin Weight 28.28
Denomination 10
Fineness 0.925
Teorainn Eisiúna 12000
Designer Reverse Michael Guilfoyle