0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Bonn Profa Airgid €15 (An Frithdhúnadh) 2013

Bonn Profa Airgid €15 (An Frithdhúnadh) 2013
Méadaigh
  • Ag Comóradh Céad Bliain ó Fhrithdhúnadh Bhaile Átha Cliath 1913
  • Léirítear an íomhá thraidisiúnta den chruit Ghaelach air
  • Tá sé ar fáil i mbosca galánta taispeántais le teastas barántúlachta
  • Eisiúint teoranta do 10,000 píosa
Mionchuntas agus mionsonraíochtaí
Roghnaigh méid agus bliain ar dtús chun leanúint ar aghaidh.
€ 44.00
Logáil isteach
Cuntas

B'uafásach dálaí maireachtála na mbochtán i mBaile Átha Cliath i 1913. Bhí pá na n-oibrithe neamhoilte fíor-íseal agus bhí cónaí ar na hoibrithe sin i dtiontáin phlódaithe áit a raibh galar forleathan agus ráta báis ard. D'eagraigh James Larkin, bunaitheoir agus ceannaire Cheardchumann Impair agus Ilsaothair na hÉireann, sraith stailceanna a bhain le carraeirí, dugairí, fir iarnróid agus oibrithe tram chun a bpá agus a ndálaí amireachtála a fheabhsú. As seo, d'eascair coimhlint bhinbeach le Cónaidhm Fhostóirí Bhaile Átha Cliath a d'imir frithdhúnadh ar a gcuid oibrithe. Thacaigh ceardchumainn eile lena gcomhoibrithe, rud ba chionsiocair le corraíl agus dífhostaíocht bhreise. Bhí an t-achrann seo are cheann de na hachrainn ba mhó agus ba thábhachtaí i stair saothair na hÉireann. Mhair sé ón 26 Lúnasa 1913 go dtí an 18 Eanáir 1914 agus bhí os coinn 20,000 oibrí agus 400 fostóir páirteach ann. Réitigh sé an bealach do théarmaí fostaíochta níos cothroime d'oibrithe na hÉireann. I gcomhar leis an Roinn Airgeadais tá líon teoranta de bhoinn inbhailthe á eisiúint ag Banc Ceannais na hÉireann chun cothrom céad bliain Fhrithdhúnadh Bhaile Átha Cliath 1913 a chomóradh. Rinneadh na boinn inbhailithe stairiúla €15 seo a bhualadh chuig an gcaighdeán is airde profa. Ar chúl an boinn, taispeántar léiriú siombalach de Jim Larkin agus é labhairt le slua oiobrithe ar dúnadh na geataí rompu agus lena gcuid teaghlach. Ba é an dealbhóir clúiteach, Rory Breslin, a dhear. Ar aghaidh an bhoinn, tá an léiriú traidisiúnta den chruit Ghaelach.

Tá múnlú na mbonn inbhailithe stairiúil €15 seo fíorghalánta agus is ómós feiliúnach iad don chomóradh céad bliain suntasach seo i stair na hÉireann. Rinneadh gach bonn a bhualadh chuig caighdeán profa .925 airgid steirling agus is i mbosca galánta tasipeántais a bheidh gach bonn. Beidh Deimhniú Údarachta uimhrithe, ina ndeimhneofar an teorainn eisiúna íseal, ag gabháil le gach ceann díobh freisin. Tá teorainn dhocht arb ionann agus 10,000 bonn airgid ag gabháil le heisiúint an bhoinn chomórtha seo.

Rinne Rory Breslins stairdéar ar an ealaín sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha agus i Sasana, sa Fhrainc, i bPoblacht na Seice agus sa tSlóvaic. Bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar Dhálann Dealbhóireachta na gCeann i mBaile Átha Cliath agus bhíodh sé ag léachtóireacht go páirtaimseartha sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha agus tá neart taispeántas dá shaothar líníochta agus dealbhóireachta curtha ar bun aige in Éirinn agus thar lear. Faoi láthair, tá cónaí air in Iarthar na hÉireann. "Leirítear na sluaite i gcúlra an dartha; tá fir ann a bhfuil caipíní boga píce orthu agus mná a bhfuil hataí orthu. tá sé tábhachtach go mbeadh mná san íomhá mar cé gurb iad na fir a taispeánadh go príomha ar na sráideanna ag cruinnithe i bpictiúir ón am sin, bhí tionnchar ollmhór ag an teagmhas seo ar theaghlaigh. Ar an mbonn, leirítear barraí geata agus glas agus feictear an slua agus Larkin sa chúlra. Leis na barraí sin, dealraítear don bhreathnóir go bhfuil sé nó sí ag breathnú trí barraí, móitíf a dhéanann deighilt idir an radharc sin agus muidne atá san am i láthair agus a bhfuil iliomad ceart againn arna ngnóthú le dua mór, ní hamháin i ndlí an tsaothair ach i mBunreacht na hÉireann agus sa dlí Eorpach chomh maith. Ní amháin go leagtar béim ar sheasamh crua na bhfostóirí ag n am sin leis an íomhá den ghlad sin ach, ina theannta sin, is tagairt phictiúrtha é don chomóradh céad bliain agus don ainm comónta, Frithdhúnadh Átha Cliath. Trí dhul ar chúl Larkin sa phictiúr, bímid ar aghaidh an tslua, slua atá déanta suas de dhaoine éagsúla a bhfuil scéal féin ag gach duine díobh. Ar an gcaoi fócasach den phictiúr go dtí an pobal agus a gcruachás ag an am."

Sonraíochtaí
Uimhir an earra IE2209
Featured Product No
Bliain 2013
Miotal Sterling Silver
Coin Weight 28.28
Denomination 15
Diameter 38.61
Fineness 0.925
Teorainn Eisiúna 10000
Designer Reverse Rory Breslin