0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Bonn Profa Airgid €15 (Charles A. Parsons) 2017

Bonn Profa Airgid €15 (Charles A. Parsons) 2017
Méadaigh
  • Comóradh ar bheatha agus ar shaothar Sir Charles Algernon Parsons
  • Léirítear portráid de mar aon le múnla luath dá inneall tuirbín gaile
  • Bonn deiridh den tsraith bonn Eolaíocht agus Aireagáin na hÉireann
  • Tá an bonn airgid steirling ar fáil i mbosca taispeántais le deimhniú barántúlachta
  • Eisiúint teoranta do 6,000 píosa
Mionchuntas agus mionsonraíochtaí
Roghnaigh méid agus bliain ar dtús chun leanúint ar aghaidh.
€ 60.00
Logáil isteach
Cuntas

Is ionann bonn profa airgid €15 2017 lena gcomórtar beatha agus saothar an innealtóra Charles Algernon Parsons agus an tríú bonn sa tsraith ‘Eolaíocht agus Aireagáin na hÉireann’.

Rugadh Charles Parson in 1854 agus chaith sé mórchuid a óige ag Caisleán Bhiorra, Co. Uíbh Fháilí, eastát a mhuintire. Nuair a bhí sé óg, bhí an t-eolaí mór la rá, Robert Ball, ina theagascóir aige agus níos déanaí d’fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide agus ar St. John’s College, Cambridge. Rinne Parsons fionnachtain mhór san innealtóireacht leictreach agus i nginiúint cumhachta leictrí in 1884 nuair a chéadcheap sé an t-inneall tuirbín gaile. Níos déanaí, nuair a cuireadh an obair seo i bhfeidhm maidir le cumhacht tiomána muirárthaí, athraíodh as éadan an muiriompar trí luas agus éifeachtúlacht soithí muirghabhála a mhéadú. Bronnadh neart gradam éagsúil air mar aitheantas ar a ardéirim innealtóireachta, ina measc, toghadh chuig an gCumann Ríoga é in 1898 agus bronnadh ridireacht air i 1911. Bhásaigh sé i 1931.

Ar an mbonn seo, a dhear Antonella Napolione, léirítear portráid den innealtóir mar aon le múnla luath den inneall tuirbín gaile agus tá inscríbhinn agus léiriú de lanna tuirbín thart timpeall orthu.

Beidh an bonn profa seo i mbosca taispeántais agus beidh deimhniú barántúlachta ag gabháil leis freisin. Tá an bonn seo 38.61mm ar trastomhas agus is é 28.28g a mheáchan. Rinneadh an bonn a bhualadh chuig caighdeán profa in airgead steirling .925 agus tá teorainn dhocht 6,000 bonn ag gabháil leis.

Sonraíochtaí
Uimhir an earra IE2377
Featured Product No
Cáilíocht Proof
Bliain 2017
Miotal Sterling Silver
Coin Weight 28.28
Denomination 15
Diameter 38.61
Fineness 0.925
Teorainn Eisiúna 6000
Designer Reverse Antonella Napolione