0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Bonn Profa Airgid €15 (Phil Lynott) 2019

Bonn Profa Airgid €15 (Phil Lynott) 2019
Méadaigh
  • Bonn profa airgid steirling i mbosca taispeántais agus deimhniú barántúlachta ag gabháil leis
  • Mar chuid den tsraith ‘Ceoltóirí na Linne seo’
  • Tá líon teoranta den bhonn inbhailithe seo eisithe chun comóradh a dhéanamh ar chothrom 70 bliain ó rugadh an ceoltóir clúiteach Éireannach, Phil Lynott.
Mionchuntas agus mionsonraíochtaí
Roghnaigh méid agus bliain ar dtús chun leanúint ar aghaidh.
€ 64.99

Tá an t-earra seo díolta amach

Logáil isteach
Cuntas

Tá líon teoranta den bhonn inbhailithe seo eisithe chun comóradh a dhéanamh ar chothrom 70 bliain ó rugadh an ceoltóir cáiliúil Éireannach Phil Lynott.

Rugadh Lynott sa Lar-Réigiún Thiar i Sasana ach tógadh é i mBaile Átha Cliath lena sheantuismitheoirí. Tar éis dó bheith ina phríomhcheoltóir le roinnt bannaí ceoil, bhunaigh sé Thin Lizzy in 1969. Bhain an banna clú amach den chéad uair leis an amhrán “Whiskey in the Jar” agus d’eisigh siad go leor amhráin mhóra ina dhiaidh sin amhail “The Boys Are Back in Town”, “Jailbreak, “The Rocker” agus “Waiting for an Alibi”. Bhí rath ar Lynott freisin mar cheoltóir aonair agus d’eisigh sé dhá albam ina raibh na hamhráin mhóra “Dear Miss Lonelyhearts”, “King’s Call” agus “Old Town”. San fhíseán ceoil cáiliúil do “Old Town”, léiríodh Phil agus é ag súil trí shráideanna a bhaile dúchais i mBaile Átha Cliath.

D’éag Phil Lynott in 1986 ag aois 36 ach maireann a cheol agus a chlú i gcónaí. Tá sé fós ina inspioráid do lucht ceoil ar fud an domhain. Is maith mar a léirigh an dearthóir boinn, Sandra Deiana, láithreacht Phil Lynott ar an ardán agus a dhordghiotár leis, radharc so-aitheanta don lucht ceoil.

Sonraíochtaí
Uimhir an earra IE2396
Cáilíocht Proof
Miotal Sterling Silver
Coin Weight 28.28
Denomination 15
Diameter 38.61
Teorainn Eisiúna 3,000