Bonn Profa Óir €100 (100 Bliain Ó Bunaíodh an Stát) 2022
- Bonn Profa Óir €100 do 2022
- Dearadh comhaimseartha
- Teorainn eisiúna 750 bonn
Tháinig deireadh le Cogadh na Saoirse nuair a comhaontaíodh sos cogaidh idir fórsaí na hÉireann agus fórsaí na Breataine ar an 11 Iúil 1921. Leis an gConradh Angla-Éireannach a shínigh ionadaithe na hÉireann agus na Breataine ar an 6 Nollaig 1921, foráladh go mbunófaí Saorstát Éireann ina mbeadh 26 as 32 chontae na hÉireann. Bhí parlaimint do Thuaisceart Éireann bunaithe cheana féin ar an 23 Nollaig 1920. Glacadh leis an gConradh le tromlach beag i nDáil Éireann, Parlaimint na hÉireann, ar an 7 Eanáir 1922, le 64 vóta in aghaidh 57. Chreid na daoine a vótáil in aghaidh an Chonartha gur chóir leanúint leis an troid go dtí go mbainfí Poblacht iomlán amach. Bhris Cogadh Cathartha amach a mhair aon mhí dhéag. San olltoghchán ar an 16 Meitheamh 1922, fuair an dream a bhí ar son an Chonartha 92 shuíochán as 128. Bhí bunú Shaorstát Éireann ina chor cinniúnach i nua-stair na hÉireann nuair a ghlac muintir na hÉireann stiúir ar a gcinniúint féin agus bhunaíodar Éire na linne seo.
Uimhir an earra | IE2407 |
---|---|
Cáilíocht | Proof |
Miotal | Gold |
Coin Weight | 0.5oz |
Denomination | €100 |
Diameter | 28mm |
Teorainn Eisiúna | 750 |