Ceart Vótála na mBan – Comóradh 100 Bliain – Bonn Profa Airgid €15
- Comóradh ar 100 Bliain ó bhain Mná an Ceart Vótála amach - sprioc thábhachtach i dtreo an chomhionannais in Éirinn.
- Léirítear sufraigéid ina seasamh chun tosaigh agus bratach ina glac aici ar a n-éilítear an ceart vótála do mhná na hÉireann.
- Tá an bonn profa ar fáil i mbosca taispeántais le deimhniú barántúlachta
- Eisiúint teoranta do 3,000 píosa
Fuair mná an ceart seo nuair a tháinig an dlí i bhfeidhm an 6 Feabhra 1918 faoin Representation of the People Act 1918. Tá líon teoranta den bhonn comórtha seo á n-eisiúint chun comóradh a dhéanamh ar an gcuimhneachán suntasach céad bliain seo.
Ba é an t-ealaíontóir cáiliúil moneolaíochta, Michael Guilfoyle, a dhear an bonn comórtha seo. Leis an dearadh seo, comórtar an dul chun atá déanta le céad bliain anuas ó thaobh comhionannas a bhaint amach do mhná in Éirinn. Léirítear sufraigéid ina seasamh chun tosaigh agus bratach ina glac aici ar a n-éilítear ceart vótála do mhná na hÉireann.
Taobh thiar di, taispeántar mórshiúl de mhná muiníneacha, tiomanta agus iad ag máirseáil chun tosaigh, rud a sheasann don dul chun cinn atá déanta i dtreo an chomhionannais ó 1918 go dtí an lá atá inniu ann. Siúlann siad go scafánta ar bhóthar atá péinteáilte i ndathanna ghluaiseacht sufraigéide na hÉireann. Is é seo an chéad bhonn comórtha Éireannach ar a bhfuil dathanna léirithe ó eisíodh an bonn do na Cluichí Oilimpeacha Speisialta in 2003.
Beidh an bonn profa seo i mbosca taispeántais agus beidh deimhniú barántúlachta ag gabháil leis freisin. Rinneadh an bonn comórtha seo a bhualadh chuig caighdeán profa in airgead steirling .925 agus tá an eisiúint teoranta do 3,000 bonn. Tá an bonn seo 38.61mm ar trastomhas agus is é 28.28g a mheáchan.
Uimhir an earra | IE2390 |
---|---|
Featured Product | No |
Cáilíocht | Proof |
Bliain | 2018 |
Miotal | Sterling Silver |
Coin Weight | 29.28 |
Denomination | 15 |
Diameter | 38.61 |
Fineness | 0.925 |
Teorainn Eisiúna | 3000 |
Designer Reverse | Michael Guilfoyle |