0
Cairt siopadóireachta
Iomlán: 
Ordaigh

Bonn Profa Óir €20 agus Bonn Profa Airgid €10 Foireann Dhá Bhonn (JFK) 2013

Bonn Profa Óir €20 agus Bonn Profa Airgid €10 Foireann Dhá Bhonn (JFK) 2013
Méadaigh
  • Comóradh ar Chothrom 50 bliain chuairt JFK ar Éirinn
  • Bonn Profa Óir €20 agus Bonn Profa Airgid €10
  • Tá siad ar fáil i mboscaí galánta taispeántais agus tá Deimhniú uimhrithe Barántúlachta ag gabháil leo
  • Tá teorainn eisiúna 10,000 ag gabháil leis an bhfoireann dhá bhonn seo
Mionchuntas agus mionsonraíochtaí
Roghnaigh méid agus bliain ar dtús chun leanúint ar aghaidh.
€ 130.00
Logáil isteach
Cuntas

I gcomhar leis an Roinn Airgeadais, tá boinn inbhailithe d'eagrán teoranta á n-eisiúint ag Banc Ceannais na hÉireann do chomóradh 50 bliain chuairt stairiúil an Uachtaráin John F. Kennedy ar Éirinn i 1963. Rinneadh na boinn inbhailithe áille, stairiúla €10 agus €20 a bhualadh chuig an gcaighdeán is airde cáilíochta. Ar chúl an bhoinn taispeántar portráid cháiliúil den Uachtarán Kennedy - an chéad Uachtarán de chuid na Stát Aontaithe le cuairt a thabhairt ar Éirinn agus an chéad duine díobh arna thaispeáint ar bhonn Éireannach. Ba é dealbhóir clúiteach Tom Fitzgerald a dhear an phortáid. Léirítear an chruit Ghaelach ar aghaidh an bhoinn. Is i gcás galánta taispeántais a bheidh na boinn inbhailthe stairiúla €10 agus €20 seo agus beidh Deimhniú Údarachta ag gabháil le gach ceann díobh ina sonrófar na teorainneacha ísle eisiúna agus annamhacht an teagmhais moneolaíochta seo. Tá eisiúint an bhoinn chomórtha seo teoranta do 25,000 bonn airgid. Tá eisiúint na mbonn óir teoranta do 10,000 agus ní bheidh na boinn seo ar fáil ach amháin mar chuid den Fhoireann Dhá Bhonn. Tugadh fearadh na fáilte roimhe John F. Kennedy nuair a thug sé cuairt ar Éireinn sa samhradh i 1963, an chéad Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá a rinne amhlaidh. Bhí an tUachtarán Kennedy ag filleadh ar an áit ónar thug a shin-sheanathair, Patrick Kennedy, aghaidh ar Mheiriceá in 1848 le linn an Ghorta Mhóir. Le linn an turais chorraithigh seo a mhair ceithre lá. chruinnigh daoine thart ar an Uachtarán Kennedy ina sluaite ag iarraidh gearrfhéachaint a fháil air agus bhí na sráideanna plódaithe le lucht deamhéine a raibh bratacha Éireannacha agus Meiriceánacha ina nglac acu. Mar chuid den turas, thuf an tUachtarán Kennedy cuairt ar a bhaile sinseartha i mBaile Fearainn, contae Loch Garmanm thug sé óráid d'Oireachtas Éireann i mBaile Átha Cliath agus thug sé cuiart ar phort Ros Mhuic Thriúin, áit ar thug a shin-seanathair faoin aistear farraige go Meiriceá in 1848. Tamall gairid i ndiaidh a chuairte ar Éirinn, feallmharaíodh an tUachtar Kennedy in Dallas, Texas. Teagmhas suntasach i nua-stair na hÉireann ab ea a chuairt ar Éirinn. Chuaigh an dealbhóir, TOM FITZGERALD, ar luathscor óna phost mar Cheannasaí ar an Roinn Dealbhóireacht i Soil Ealaíne agus Deartha Luimnigh in 2000 d'fhonn a chuid saothar féin a shaothrú. Tá taispeántais dá shaothar curtha ar bun go forleathan aige in Éirinn agus san Eoraip agus sna Stáit Aonaithe chomh maith. Cleachtann sé dealbhóireacht, líníocht, ealaín suiteála agus tionscadail ealaíne poiblí. Toghadh ina chomhalta d'Aosdána é i 2001. Tá cónaí air i gContae Luimnigh agus is ann a bhíonn sé i mbun oibre freisin.

Sonraíochtaí
Uimhir an earra IE2197
Featured Product No
Cáilíocht Proof
Bliain 2013
Miotal Gold, Sterling silver
Denomination 30
Teorainn Eisiúna 10000
Designer Reverse Tom Fitzgerald