Céad Bliain den Eitlíocht Thrasatlantach Bonn Profa Airgid €15 2019
- Comóradh ar 100 Bliain d'Eitlíocht Thrasatlantach
- Tá an bonn airgid steirling ar fáil i mbosca taispeántais le deimhniú barántúlachta
- Eisiúint teoranta do 3,000 bonn
Thuirling John Alcock agus Arthur Brown eitleán i bportach gar don Chlochán, Contae na Gaillimhe ar an 15 Meitheamh 1919. In 1913, chuir an Daily Mail duais £10,000 (thart ar mhilliún Euro sa lá atá inniu ann) ar fáil don chéad eitleoir a thrasnódh an tAigéan Atlantach. Chuir an Chéad Chogadh Domhanda isteach ar an gcomórtas an bhliain dar gcionn agus cuireadh ar athló é i dtreo dheireadh 1918. D’eitil an bheirt phíolótaí Bhriotanacha déphlána beirte Vickers Vimy ó St. Johns i dTalamh an Éisc i gCeanada. Thuirling siad de thuairt i bPortach Dheirgimligh, ar an gClochán i gConamara. Cheap siad ón aer go raibh siad le tuirlingt ar thalamh réidh. Níor gortaíodh ceachtar den bheirt. Bhí an chéad eitilt thrasatlantach gan stad bainte amach acu, a mhair 16 uair an chloig agus 28 nóiméad agus a thuirling 25 mhíle ó thuaidh ón gceann scríbe a bhí acu. Tá líon teoranta den bhonn comórtha seo á eisiúint chun comóradh a dhéanamh ar an gcuimhneachán suntasach seo. Is é an t-ealaíontóir moneolaíochta PJ Lynch a rinne an dearadh seo. Leis an dearadh seo, déantar ceiliúradh ar éacht Alcock agus Brown agus ar an gcaoi ar thuirling an eitilt i nGaillimh. Tá déphlána Vickers Vimy ag croílár an deartha. Léirítear léarscáil seanré taobh thiar den phlána, rud a chuireann béim ar phriacal na bpíolótaí agus a léiríonn an éacht suntasach a bhain siad amach nuair a d’eitil siad ó Thalamh an Éisc go hÉirinn den chéad uair gan stad. Beidh an bonn profa seo i mbosca taispeántais agus beidh deimhniú barántúlachta ag gabháil leis freisin. Rinneadh an bonn comórtha seo a bhualadh chuig caighdeán profa in airgead steirling .925 agus tá an eisiúint teoranta do 3,000 bonn. Tá an bonn seo 38.61mm ar trastomhas agus is é 28.28g a mheáchan.
Uimhir an earra | IE2395 |
---|---|
Featured Product | Yes |
Cáilíocht | Proof |
Bliain | 2019 |
Miotal | Sterling Silver |
Coin Weight | 28.28 |
Denomination | 15 |
Diameter | 38.61 |
Fineness | 0.925 |
Teorainn Eisiúna | 3000 |
Designer Reverse | PJ Lynch |